Ba pholaiteoir agus Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe é Spencer Perceval (1 Samhain 1762 – 11 Bealtaine 1812), an t-aon duine amháin a feallmharaíodh le linn dó a bheith ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe (agus an t-aon Ard-Aighne no Aturnae Ginearálta a bhí ina Phríomh-Aire ina dhiaidh sin).[1]
Saol
Ba é an seachtú mac é ag piara de chuid na hÉireann, John Perceval, an dara Iarla Egmont. Bhí sé ina dhalta de chuid Scoil Harrow agus ina mhac léinn de chuid Choláiste na Tríonóide, Cambridge.
Tar éis dó dul isteach in Ósta Lincoln, glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1786. Tríd an lucht aitheantais a bhí ag a dhaoine muinteartha, fuair sé roinnt post beag agus mionteagaisc de chuid na Corónach agus d'fhorbair sé cleachtadh láidir mar abhcóide. Dhiúltaigh sé do phost Phríomh-Rúnaí na hÉireann sa bhliain 1795 toisc nach raibh sé ar a acmhainn an phost a ghlacadh (ag am a bháis d'fhág sé baintreach agus naonúr páistí faoi bhun ocht mbliana déag d'aois). Glaodh chun an Bharra Laistigh ar Perceval sa bhliain 1796 agus lean sé ar aghaidh mar abhcóide agus ó ina fheisire chomh maith, mar ba ghnách ag an am.
Polaitíocht
Toghadh Perceval mar dhuine de na teachtaí parlaiminte le haghaidh Northampton i bhfothoghchán sa bhliain 1796. Lean sé ar aghaidh mar sin go dtí go bhfuair sé bás; níor sheas éinne ina aghaidh ach uair amháin. Tacaí dílis de chuid Pitt Óg ab ea é (cé go raibh drogall air an lipéad "Tóraí" a ghlacadh) agus bhain sé dea-cháil amach go tapa mar fhear mór díospóireachta.
Bhí sé ina Aturnae Ginearálta idir 1801 agus 1802 agus ina Ard-Aighne idir 1802 agus 1806, nuair a ceapadh rialtas nua tar éis bhás Pitt. Bhí sé ina Sheansailéir ar an Státchiste agus ina Sheansailéir ar Dhiúcacht Lancaster ó 1807 go 1812 agus ina Phríomh-Aire ag an am céanna ó 1809 go 1812.
Níor fhág Perceval oidhreacht pholaitiúil mhór, cé go raibh meas air mar gheall ar a bhrí agus a fhuinnimh agus ar an méid a rinne sé de ghrá an dualgais agus ar an gcumas a thaispeáin sé agus é ag treorú an chuid is mó de bhearta na rialtais trí Theach na dTeachtaí go pearsanta. Mar a dúirt Henry Grattan, níor long chomhraic a bhí ann, ach d'iompair sé a lán gunnaí, bhí sé uisce-obach agus é amuigh i ngach cineál aimsire.
Éire
Ó ba rud é gur Anglacánach soiscéalach é, agus buinneán de chuid na Cinsealachta chomh maith, bhí Perceval go diongbháilte in éadan Fhuascailt na gCaitliceach, fiú nuair a ghlac a mheantóir Pitt leis an smaoineamh sin.
Feallmharú
Feallmharaíodh Spencer Perceval ar an 11 Bealtaine 1812. Lámhaigh fear gnó, John Bellingham, é. Bhí Bellingham míshásta faoi rialtas na Breataine ar bhonn pearsanta. Faoi cheann seachtaine a triaileadh agus crochadh Bellingham.[2]
Is cosúil go raibh Bellingham as a mheabhair ach crochadh é ina ainneoin sin. Ansin dioscadh corp Bellingham ina bpíosaí beaga (mar ba ghnáth ag an am, chun taighde leighis a dhéanamh agus b'fhéidir chun cosc a chur air dul chun na bhFlaitheas). Sa chás seo, choinnigh na máinlianna croí Bellingham beo ar feadh ceithre huaire i ndiaidh a chrochadh, éacht nach beag ag an am. Tá blaosc Bellingham ar taispeáint inniu in Ollscoil Queen Mary, Londain.[3]
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.