tír in iardheisceart na hEorpa From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír í an Spáinn (Spáinnis: España), nó Ríocht na Spáinne go hoifigiúil (Spáinnis: Reino de España), atá suite in iardheisceart na hEorpa ar leithinis na hIbéire.
An Spáinn | |||||
---|---|---|---|---|---|
Reino de España (es) | |||||
|
|||||
Aintiún | Marcha Real (1939) | ||||
Mana | «Plus ultra» | ||||
Ainmnithe in ómós | Hispania | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Maidrid | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 47,415,750 (2021) | ||||
• Dlús | 93.71 hab./km² | ||||
Déamainm | Spáinneach | ||||
Teanga oifigiúil | an Spáinnis | ||||
Reiligiún | neamh-shainchreidmheach | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Eoraip Pyrenees–Mediterranean Euroregion (en) Aontas Eorpach an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch | ||||
Achar dromchla | 505,990 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach, an Mheánmhuir, An Mhuir Chantabrach agus Alboran Sea (en) | ||||
Pointe is airde | Teide (3,718 m) | ||||
Pointe is ísle | Mina de Las Cruces (en) (−107 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | an Mhonarcacht Easpáinneach, Coróin na hAragóine, Impireacht na Spáinne, Ríocht na hAragóine agus Chéad Phoblacht na Spáinne | ||||
14 Márta 1516: Monarcacht cúis leis seo Dynastic union of Aragon and Castile (en) 1715 (<1715): Teaghlach Bourbon (An Spáinn) cúis leis seo Q1990620, Q688939 19 Márta 1812 ↔ 4 Bealtaine 1814: Bunreacht na Spáinne, 1812 ↔ Liberal state (Spain) (en) 9 Nollaig 1931 ↔ 1 Aibreán 1939: Bunreacht na Spáinne, 1931 ↔ Poblacht 29 Nollaig 1978: Bunreacht na Spáinne (Spanish transition to democracy (en) ) | |||||
Eachtra thábhachtach | Nueva Planta decrees (en) (1707, 1716) Bunreacht na Spáinne, 1812 (1812) Bunreacht na Spáinne, 1931 (1931) Bunreacht na Spáinne (29 Nollaig 1978) Spanish transition to democracy (en) Cogadh Cathartha na Spáinne Carlist Wars (en) Third Council of Toledo (en) Céadchuairt Chríostóir Colambas go Meiriceá An Athghabháil Cogadh na Saoirse | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | monarcacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Spáinne | ||||
Comhlacht reachtach | Cortes Generales (en) | ||||
• Monarc na Spáinne | Francisco Franco (1936–1975) | ||||
• Príomh-Aire na Spáinne | Pedro Sánchez Pérez-Castejón (2018–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na Spáinne | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 1,427,380,681,295 $ (2021) | ||||
OTI ainmniúil in aghaidh an duine | 29,993.06 $ (2019) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .es | ||||
Glaochód | +34 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 061 agus 091 | ||||
Cód tíre | ES | ||||
Cód NUTS | ES | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | administracion.gob.es | ||||
Is ball den Aontas Eorpach í agus is monarcacht bhunreachtúil í.
Tá tionchar ag an Spáinn ar fud an domhain: sa lá atá inniu ann, tá 500 milliún daoine ag labhairt na Spáinnise.
Le 194,884 mi² (504,782 km²), is í an Spáinn an 51ú tír is mó ar domhan.
San iarthar tá teorainn aici leis an bPortaingéil, ó dheas tá Giobráltar (réigiún de chuid na Ríochta Aontaithe) agus Maracó, (de bharr na cathracha i dtuaisceart na hAfraice; Ceuta agus Melilla).
San oirthuaisceart, in aice le sliabhraon na bPiréiní, tá teorainn aici leis an bhFrainc agus Andorra.
Tá na hOileáin Bhailéaracha sa Mheánmhuir, agus Na hOileáin Chanáracha san Aigéain Atlantach chomh maith.
Sa Chatalóin tá baile beag timpeallaithe ag an bhFrainc, Llívia.
Tá lár na Spáinne lán le sliabhraonta agus talamh ard, mar shampla Sierra Nevada. Sna hairde seo éiríonn na haibhneacha móra; an Tagus, an Ebro, an Duero, an Guadiana agus an Guadalquivir.
Tá machairí glárach ar fud an chósta. Is í an Guadalquivir in Andalucía an ceann is mó sa tír.
Tá an tír roinnte i 17 réigiúin de réir bunreacht 1978.
Is í Maidrid príomhchathair na tíre. Tá sí lonnaithe i gceartlár na leithinse.
Is í Barcelona an dara chathair is mó sa tír agus príomhchathair na Catalóine.
Is cathracha féinrialaithe iad Ceuta agus Melilla, chomh maith.
Príomhalt: Stair na Spáinne
Bhí an tír aontaithe sa 15ú haois i ndiaidh pósadh na Monarcaí Caitliceacha agus deireadh an Reconquista sa bhliain 1492. D'fhás cumhacht na tíre go mór ina dhiaidh sin.
Úsáidtear an euro mar airgeadra sa Spáinn. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Spáinne an 16ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 14ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 34ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Spáinn, é ar $38,171 don chónaitheach.
De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2019 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 37ú tír is forbartha ar domhan í an Spáinn, as 150 tír a tomhaiseadh.[1] Cuireann sé sin í mar an 24ú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Spáinn an 36ú tír is sona, as 156 tír.
I Mí Eanáir 2020, is ag 13.7% a bhí ráta dífhostaithe na tíre, an dara leibhéal is airde san Aontas Eorpach.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.