baile i gContae Bhaile Átha Cliath From Wikipedia, the free encyclopedia
Is baile mór é Sord[1], nó Sord Cholm Cille[2], i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Is é príomhbhaile Chontae Fhine Ghall é freisin. Is baile uirbeach é Sord agus tá sé suite ceithre chiliméadar ó Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus ceithre chiliméadar déag ó lár na cathrach.
Sord | ||||
---|---|---|---|---|
Swords (en) Sord (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Contae riaracháin áitiúil | Fine Gall | |||
Príomhchathair de | ||||
Daonra | ||||
Iomlán | 36,924 (2011) | |||
• Dlús | 3,253.22 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 11.35 km² | |||
Airde | 3 m | |||
Sonraí stairiúla | ||||
Bunaitheoir(í) | Colm Cille | |||
Eile | ||||
Logainm.ie | 1411595 | |||
Suíomh gréasáin | fingal.ie… |
Rinne Retail Excellence Ireland suirbhé sa bhliain 2012, agus ba ea é Sord an "tríú baile is fearr". Sa bhliain 2011 ba é Sord an dara baile is glaine in Éirinn.[3]
Bhunaigh Colm cille an baile Sord sa bhliain 560 AD. Bheannaigh sé an tobar áitiúil agus mar sin, d'ainmnigh sé an baile Sord (ciall amháin le sord ná "glan", ciall is ea "foinse uisce".)[4]. Tá cloigtheach de 26m suite i Sord. Tá seanchaisleán meánaoiseach suite ann chomh maith.
Tá naoi mbunscoil i Sord. Tá dhá Ghaelscoil ann, trí scoil den chineál "Educate Together", scoil amháin de chuid Eaglais na hÉireann agus ceithre scoil náisiúnta.
· Gaelscoil Bhrian Boroimhe[5], Bóithre Ghleann Eibhlín[6]
· Scoil an Duinnigh[7], Draighneáin[8]
· Swords Educate Together[9], Bóithre Ghleann Eibhlín[6]
· Thornleigh Educate Together[10], Coill na hÚll[11]
· Holywell Educate Together[12], Tobair Naofa[13]
· Scoil Chrónáin[14], Baile Breacáin[15]
· Church of Ireland, Old Borough National School[16], Bóthar an Teampaill[17]
· Scoil Cholmcille Naofa[18], Lána an tSéipéil[19]
· Holy Family National School[20], Gleann na hAbhainn[21]
Tá ceithre mheánscoileanna i Sord, dhá scoileanna aon ghnéis agus dhá phobalscoileanna.
· Loreto College Sord[22], Gleann na hAbhainn[21]. Is meánscoil cailíní í.
· Coláiste Choilm, Sord[23]. Is meánscoil buachaillí é.
Tá teacht go héasca ar Shord. Nascann na bóithre Sord le go leor áiteanna, mar shample an M1 Baile Átha Cliath– Béal Feirste atá suite ar thaobh thoir an bhaile agus an M50 atá suite ar an taobh theas den bhaile. Tá go leor príomhbhóithre eile ann freisin, mar shampla, an R106 go Mullach Íde, an R108 go Baile Bachaille, an R125 go Cill Dhéagláin, an R126 go Domhnach Bat agus an R127 go dtí na Sceirí. Tagann go leor busanna trí Shord. Tagann na huimhreacha 33, 33a, 33b, 41, 41a, 41b, 41c, 41n, 41x, 43, 102 trí Sord gach uile nóiméad[28]
Tá cúrsaí gnó á bhforbairt agus ag fás i Sord, le deich bliain anuas go háirithe.
Tá dhá pháirc mhiondíola i Sord agus cuireann siad go leor post ar fáil do dhaoine i Sord. Airside agus Swords Business Park an t-ainm atá ar na páirceanna miondíola. D’oscail Airside sa bhliain 2001. Tá ceithre shiopa déag in Airside:
Tá ionad siopadóireachta i lár Shoird. Pavilions, Swords an t-ainm atá air, agus tá sé ar cheann de na siopalanna is mó i mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Osclaíodh é sa bhliain 2001[29]. Tá pictiúrlann, bialanna agus siopaí istigh ann.
Sa bhliain 2011 bhí 18.7 milliún paisinéirí, 171 bealach, agus 61 aerlíne ag teacht trí Aerfort BÁC[30]. Tá go leor oibríochtaí cheanncheathrú i Sord mar shampla, mar atá Aer Lingus, CityJet, Rynanirch Thompson Airways agus Air Contractors. Chomh maith le hoibríochtaí ceanncheathrú, tá go leor cothabháil cheanncheathrú cosúil le Aer Lingus, CityJet, Dublin Aerospace[31], Eirtech Aviation, Etihad Airways agus Ryanair.
Tá go leor clubanna spórt i Sord:
1) An club Peil Ghaelach: Fine Ghallian, a bunaíodh sa bhliain 1884. Daichead foireann peil ghaelach, iománaíocht agus camógaíocht atá ann. Sa bhliain 2018, bhuaigh na cailíní U/17 Craobh Bhaile Átha Cliath.
2) Bunaíodh Naomh Fhionnáin sa bhliain 1985. Tá sé suite i nGleann na hAbhann i Sord, paróiste eile i Sord. Tá níos mó ná tríocha foireann ann.
3) Naomh Colm Chille (1935)
Tá Club Leadóige suite ar thalamh álainn an caisleán.
1981.
Club snámh Aer Lingus atá suite san aerfort
1) Swords Celtic FC i 1962.
2) Swords Manor FC i 1995.
3) Rivervalley Rangers i 1981.
Daonra de réir réigiúin (Daonáireamh 2011)[39] | Daonra |
---|---|
Caitliceach | 34,021 |
Ceartchreidmheach | 1,335 |
Anglacánach | 944 |
Aspalda | 201 |
Preispitéireach | 195 |
Reiligiún Chríostaí eile | 454 |
Reiligiún Críostaí iomlán | 37,150 |
Moslamach | 579 |
Religion eile | 1,003 |
Níl aon Reiligiún acu | 3,006 |
N/A | 1,000 |
Daonra iomlán | 42,738 |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.