dornálaí Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Dornálaí Meiriceánach, a bhí ina churadh domhanda trom-mheáchain, ab ea Charles L. "Sonny" Liston . (8 Bealtaine 1932 – 30 Nollaig 1970).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 Bealtaine 1932 Contae St. Francis, Arkansas, Arkansas |
Bás | 30 Nollaig 1970 38 bliana d'aois Las Vegas, Nevada |
Siocair bháis | Ródháileog |
Áit adhlactha | Davis Memorial Park (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Meáchan | 98 kg |
Airde | 185 cm |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dornálaí, preabaire |
Teangacha | Béarla |
Tír spóirt | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Spórt | dornálaíocht |
Disciplín spóirt | trom-mheáchan |
Eile | |
Ciontaíodh i | robáil |
Troideadh babhtaí dornálaíochta idir Sonny Liston agus Cassius Clay (nó Muhammad Ali mar a bhaist sé air féin níos deireanaí) i 1964 agus arís an bhliain dár gcionn. Tharraing na troideanna – dá dtabharfá troideanna orthu – conspóid ollmhór.[1]
Ar 25 Feabhra 1964, bhuaigh Ali an chraobh nuair a chuir sé Sonny Liston, ag cosaint an Choróin Trom-mheáchain an Domhain, de dhroim seoil i Miami Beach.[2][3] Níor tugadh seans na ngrást do Clay roimh ré. Ach níor mhair Liston ach leathuair san fháinne nuair a d'éirigh sé as an troid.[4]
An bhliain dár gcionn, ar 25 Bealtaine 1965 in Lewiston, Maine, troideadh babhta eile. Níor mhair an troid ach cúpla 2n30s.[5][6] Dúradh gur chaith Liston ar an urlár é féin agus nach ndearna sé iarracht cheart ar bith. Chuaigh Muhammad Ali[7][8] ar aghaidh sa bhfáinne nó gur glacadh leis go raibh sé ar dhuine de na seaimpíní trom-mheáchain ab fhearr ariamh.[1] An raibh toradh an chluiche socraithe roimh ré ? Dúradh ag an am go raibh an cluiche ceannaithe, nó sin a chreid go leor.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.