From Wikipedia, the free encyclopedia
Is cumann sacar é Shelbourne Football Club (Gaeilge: Cumann Peile Shíol Bhroin) atá suite i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath, Éire. Tá Shelbourne ag imirt sa chéad roinn i sraithe na hÉireann. League of Ireland First Division Is é Ian Morris an bainisteoir don chlub. Imríonn Shelbourne i bpáirc na Tulcha. Leasainmneacha ag an gclub ná The reds, the shirts, shels, the Dockers.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Shelbourne Football Club | |||
Sonraí | |||
---|---|---|---|
Leasainm | Shels, The Reds The Shirts The Dockers | ||
Cineál | club sacair | ||
Dáta a bunaíodh | 1895 | ||
Gníomhaíocht | |||
Spórt | sacar | ||
Sraith spóirt | Sraith na hÉireann | ||
Ionad baile | Páirc na Tulcha: Droim Conrach . 9,680 | ||
Rialachas corparáideach | |||
Ceanncheathrú | |||
Príomhchóitseálaí | Damien Duff (2021–) | ||
Úinéir de | |||
Eile | |||
Dath | dearg, bán | ||
Trealamh spóirt | |||
| |||
Suíomh gréasáin | https://shelbournefc.ie/ | ||
Tagann an t-ainm ó Bhóthar Shíol Bhroin (Shelbourne Road). Deirtear go raibh fir ag imirt sacar ach ní raibh ainm acu. Bhí siad i gcoinne saighdiúirí na Breataine a bhí suite i mbeairic Beggars Bush. Bhí na fir as an Rinn ag imirt i gcluichí dúshlánacha in aghaidh na saighdiúirí. Cuireadh an cheist ar na fir cad é ainm na foirne a bhí acu. Ach ní raibh ainm ar bith acu. D'fhéach siad suas agus chonaic siad an comhartha sráide Shelbourne Road agus leis sin, rugadh an t-ainm Shelbourne.[1]
Bunaíodh an Club sa bhliain 1895. Bunaíodh an club i dteach tábhairne i mbaile athá cliath. Slattery's an t-ainm atá ar sna laethanta seo. Bhí James Owen mar an chéad runaí. Ag an am sin bhí an cheanncheathrú sinear sacar laighean suite i bhfionnghlas. Shiúil James Owen ó Ascaill na bhFolcadán go Fionnghlas chun cinnte a dhéanamh go raibh an club cláraithe i gceart.[2]
Thosaigh Shelbourne amach ag imirt sa tsraith agus sa chorn sóisearacha laighean. Chiall siad ach cluiche amháin idir an dá comórtas ag buachan an tsraith agus an corn. Mar Gheall ar seo rinne an club cinneadh. Chuirfeadh siad an club i sraith sinsear na hÉireann. Chuaigh siad isteach agus thosaigh Shelbourne ag imirt sa tsraith IFA sa bhliain 1897. Bhí rath ag an club ag an tús. Sa bhliain 1905 D'éirigh leo an chorn cluiche ceannais a shroich. Chiall siad an cluiche 2-0 le Distillery. Ach an bhliain tar éis sin ba é Cumann Peile Shíol Bhroin an t-aon fhoireann as Baile Áth cliath chun an bua a bhaint amach i gcorn IFA. Bhí an bua acu in aghaidh Belfast Celtic leis an scór 2-0. Bhuaigh Shelbourne an corn arís i 1910 agus i 1920.[3]
Nuair a scar Eíreann idir Tuaisceart Éireann agus Saorstát Éireann as a chéile. Bhí gá ann sraith na hÉireann nua a chruthú. Chruthaigh Cumann Cumann Peile na hÉireann i 1921. Bhí cuis amháin eile don scaradar. Sa Bhliain 1921 agus Cogadh na Saoirse (Éire) ar siúl. Ghlac Shelbourne agus Glentoran as Béal Feirste páirt sa chluiche ceannais. Chríoch an chéad chluiche mar chomscór. Bhí an chéad chluiche ar siúl i mBéal Feirste. Ghlactar ag an am go mbeadh an athimirt i mbaile Áth Cliath. Ach Mar gheall ar an gCogadh Na Saoirse, Shocraigh an IFA go mbeadh an athimirt ar siúl arís i mBéal Feirste. In agóid níor ghlac Shelbourne páirt sa chluiche agus Gheill Shíon Broin an cluiche agus bhí an bua ag Glentoran gan choimhlinit acu sa chluiche.[4] Drochiarmhairt don chás seo ná sraith agus corn nua a bhí ann do chlubanna sa Saorstát. Bhí Shelbourne mar cheann de na bunaitheoirí an eagraíochta. Ghlac siad páirt sa chéad sraith nua. Bhuaigh Shelbourne an tsraith nua don chéad uair i 1925/1926.[5]
Bhí trí sraith na hÉireann buaite ag Shelbourne suas go dtí tús na trochadí. Bhí achran idir Shelbourne agus an Cumann Peile na hÉireann i 1933. Chuir an Cumann Peile na hÉireann cluiche ar siúl ar an lá céanna nuair a bhí cluiche ag Shelbourne. Chaill siad airgead mar gheall ar drochthinreamh. D'fhág Shelbourne an tsraith in a dhiaidh sin agus níor dhill siad ar ais chuig an tsraith don bhliain 1936. D'éirigh leo an chéad Corn Cumann Peile na hÉireann a bhaint amach sa bhliain 1939. Díreach roimh ráig Dara Cogadh Domhanda. Bhuaigh Shelbourne an corn in aghaidh Sligo Rovers Football Club Páirc Chnocán Uí Dhálaigh Bhí an scór 1-0 tar éis an athimirt. Le linn an cogadh Bhuaigh Shelbourne an tsraith i 1943/1944 agus arís i 1946/1947.[6]
Tréimhse chiúin a bhí ann club. Bhí bearna tríocha bliana idir an bua i sraith na hÉireann i 1961/1962 agus 1991/1992. Nuair a bhuaigh Shelbourne an trófaí in aghaidh Club Peile Dhún Dealgan ar an lá deireanach den séasúr, lá mór do chlub a bhí ann. Nóiméad suntasach den chlub a tharlú sa bhliain 1946. D'imir Shelbourne in aghaidh Futbol Club Barcelona sa chéad babhta sa UEFA Champions League Chaill Shelbourne an dá cluiche agus d'éirigh leo cúl a aimsiú sa Camp Nou.[7]
Is é an seal seo mar an pháirt is ráthúla i stair an chlub. Le linn an tréimhse seo, Bhuaigh Shelbourne sé sraithe agus ceithre corne. Sa bhliain 2000. Bhuaigh Shelbourne an tsraith agus an corn, buachan dhá uair as a chéile. Ghlac Shelbourne páirt i gcomórtas na hÉorpach i rith an seal seo.[8]
Thar na blianta ghlac Shelbourne páirt i gcluichi na hEorpach. D'imir an club sa UEFA Champions League ,UEFA Europa League, UEFFA Intertoto Cup agus an UEFA Cup Winners Cup.
Sa bhliain 2003 Bhuaigh Shelbourne sraith na hÉireann agus mar gheall air seo, cháiligh siad don bhabhta cáilithe. Sa Chéad babhta, d'imir Shelbourne in aghaidh as KR Reykjavik sAn Íoslainn.
.Bhí comhscór 2-2 sa chéad chluiche agus bhí comhscór arís sa bhabhta baile 0-0 ach chuaigh Shelbourne tríd ar riail chúil as baile.[9]
Sa dara babtha, D'imir Shelbourne in aghaidh Hajduk Split as An Chróit. Arís eile bhí an chéad chluiche as baile. Chaill Shelbourne an cluiche 3-2.[10] Fuair siad dhá chúl as baile. Sa bhabhta baile i b Páirc na Tulcha Fuair Shelbourne an bua amach 2-0. Scórail Dave Rodgers an chéad cúl. Chuaigh Shelbourne tríd (4-3) sa scór chomh iomlán.
Fuair Shelbourne Real Club Deportivo de La Coruña sa tríú tarraingt den chomórtas. An am seo, Bhí an chéad babtha abhaile agus ar siúl i mBóthar Lansdún. Comhscór 0-0 a bhí ann.[11] Bhí 24,000 daoine ag an gcluiche. Sa dara cluiche Sa Spáinn bhuaigh Real Club Deportivo de La Coruña an cluiche 3-0. Ba ea an chéad am a shroich foireann as sraith na hÉireann an tríú babhta sa UEFA Champions League roimh.[12]
Tar éis sin, chuaigh Shelbourne isteach go dtí an UEFA Europa League agus d'imir siad i gcoinne Lille OSC as An Fhrainc. Bhí an chéad chluiche den bhabhta ar siúl i mBóthar Lansdún. D'éirigh le Shelbourne comhscór a bhaint amach. 2-2.[13] Chiall siad an dara cluiche 2-0 agus le sin, bhí an t-aistear san Eoraip críochnaithe. (4-2) sa scór iomlán
An bliain tar éis sin Ghlac Shelbourne páirt sa bhabhta cáilithe sa UEFA Champions League Bhí an chéad in aghaidh Glentoran suite i Béal Feirste. Bhuaigh Shelbourne an babhta as baile 1-2. San athbhabhta Fuair Shelbourne an bua amach 4-1. (6-2) sa scór iomlán.[14]
Chuaigh Shelbourne i mbun an dara babhta in aghaidh Steaua Bucharest as An Rómáin. Sa chéad chluiche, comhscór a bhí ann. 0-0 i bPáirc na Tulcha.[15] An tseachtain tar éis sin, Thug Shiol Broin cuairt ar Bhúcairist. Chiall siad an cluiche 4-1.[16]
Sa Bhliain 2006, cháiligh Shelbourne don chomórtas An Intertoto Cup. Sa chéad babhta bhuaigh Shelbourne 0-1 thar larr san Liotuáin in aghaidh FK Vetra. San athbhabhta i bPáirc na Tulcha scór Shelbourne ceithre cúl sa chluiche agus bhuaigh siad 4-0 (5-0) sa scór iomlán.[17] Tháinig an t-aistear ar chríoch nuair a chaill Shelbourne le Odense F.C as An Danmhairg. Chiall siad an chéad babhta 3-0 thar larr. Bhauigh Shelbourne an babhta baile 1-0[18] ach chaill siad (3-1) sa scór iomlán. Ba é an uair dheireanach a d'imigh Shelbourne san Eoraip.
Bhuaigh Shelbourne an Sraith i 2006 ach mar gheall ar fhadhbanna airgeadais. Ní fuair Shelbourne ceadúnas don UEFA Champions League chomh maith leis sin ní raibh siad ag lorg an ceadúnas. Bhí fadhbanna ag baint le sreabhadh airgid, d'imigh imreoirí agus bhí an club i mbaol do dhíothaithe.[19]
Tar éis an ísliú céime, bhí Shelbourne ag imirt sa chéad roinn i sraithe na hÉireann. Fuair siad ardaigh céime chuig príomhshraith na hÉireann agus shroich siad an cluiche ceannais sa chorn chomh maith sa bhliain 2011[20] ach chaill Shelbourne an cluiche i gcoinne Sligo Rovers Football Club sa Staid Aviva.[21] Fuair Shelbourne ísluí céime chuig an chéad roinn i 2013 agus d'fhán siad ann go dtí 2019.
Sa Bhliain 2019. Bhuaigh Shelbourne an chéad roinn. Ar an 13ú lá de mhí mheán fómhair. D'imir Shelbourne in aghaidh Drogheda United Football Club ar an lá leathdheireanach den séasúr. Scór Adrian Friel, Oscar Brennan agus Lorcan Fitzgerald na cúl. Bhuaigh Shelbourne an cluiche 3-1.[22]
Sa bhliain 2020, d'fhill Shelbourne ar ais chuig príomhshraith na hÉireann. Ach mar gheall ar COVID-19 ní raibh slua lucht taccaíochta ag na gcluichí. Chríoch Shelbourne sa naoú áit sa tsraith. Mar thoradh, d'imir siad i gcoinne Longford Town Football Club sa chluiche dícháilithe i bpáirc Richmond. Bhuaigh Longford Town Football Club an cluiche 1-0 agus Chuaigh Shelbourne síos arís don bhliain 2021.[23]
Corn Cumann Peile na hÉireann: 7
Corn Sraithe na hÉireann: 1[[Íomhá:Flag of {{{1}}}.svg|border|22px]]
Corn sinsear Laighean. 21
Sraith na hÉireann An Chéad roinn
Ó Márta 2021 [25]
|
|
Bainisteoir Ian Morris
Cóitseáil cúnta Alan Reynolds
Cóitseáil cúl báire Paul Skinner
Fisió Alan Dooley
Dochtúir Paddy Kenny
Fear Trealaimh Johnny Watson [26]
Wes Hololahan
Thar na blianta, D'imir Shelbourne ar chúpla staid. Ag an tús, D'imir Shelbourne i bpáirc Shelbourne sa Rinn. Bhí Shelbourne ag imirt i b Páirc Chnocán Uí Dhálaigh agus i bpáirc baile Gaelach. Bhog Shelbourne go Páirc na Tulcha sa bhliain 1989 [27]
I mbáile Áth Cliath tá ceithre príomhchumann sacar. Shamrock Rovers Football Club, Bohemian Football Club, St Patrick's Athletic Football Club agus Shelbourne. Bíonn an iomaíocht an-ghéar idir na clubanna. Ach go háirithe idir Shelbourne agus Bohemian Football Club. Tá na clubanna an gearr lena chéile. Suite idir Baile Phib agus Droim Conrach.[28]
Bíonn iris lucht tacaíocht ar fáil. Reds Independent an t-ainm atá air. Níl nasc oifigiúla idir an club agus an t-irisleabhar. Is féidir le lucht tacaíochtaí a gcuid smaointe a scríobh san Irisleabhar. Bíonn thart ar trí eagráin gach bliain.[29]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.