From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Santiago de Compostela príomhchathair Chomhphobal féinrialaitheach na Gailíse. Tá sé suite in iarthuaisceart na Spáinne i gcúige A Coruña. Is í an ardeaglais ceann sprice na hoilithreachta a dtugtar Camino de Santiago uirthi. Ba Cathair San Séam an t-ainm a bhí ag na Gaeil ar an áit sa Mheánaois.[1]
Santiago de Compostela | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Comhphobal féinrialaitheach de chuid na Spáinne | an Ghailís | ||||
Cúigí na Spáinne | A Coruña | ||||
Príomhchathair de | |||||
Príomhchathair | Santiago de Compostela | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 98,687 (2023) | ||||
• Dlús | 448.56 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | intermunicipal commonwealth of the Santiago de Compostela area (en) | ||||
Achar dromchla | 220.01 km² | ||||
Airde | 260 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1834 | ||||
Éarlamh | Naomh Séamus, mac Zeibidé | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Santiago de Compostela | Goretti Sanmartín Rei (2023–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 15700 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 981 | ||||
INE municipality code (en) | 15078 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | santiagodecompostela.gal | ||||
Deirtear go dtagann an t-ainm compostela ó campus stellae na Laidine, i.e. "faiche réalta", rud a fhágann go gciallaíonn Santiago de Compostela "Naomh Séamus na faiche réalta". Tá baint ag an ainm leis an scéal gur tugadh cnámha Naomh Séamas anall ón Meánoirthear go dtí an Spáinn, áit ar cuireadh iad agus a bhfaca aoire réalt os a gcionn. Tógadh eaglais san áit agus ardeaglais ina dhiaidh sin.
Tá an ardeaglais in aice chearnóg mhór na seanchathrach. Ar an taobh eile den chearnóg tá Pazo de Raxoi (Pálás Raxoi), halla na cathrach agus áit chruinnithe Xunta (rialtas) na Gáilíse. Ar thaobh na láimhe deise de staighre na hardeaglaise tá Hostal dos Reis Católicos, óstán a thóg na Monarcaí Caitliceacha Isabella I agus Ferdinand II do na hoilithrigh (anois is parador é).
Tá clú ar Ollscoil Santiago freisin.
Baisteadh ceann d'oird mhíleata na Spáinne, Ord Santiago, as an gcathair (ar nós Calatrava, Alcantara agus Montesa).
Tá sí ar an gcathair is mó báisteach san Eoraip de bharr na gaoithe láidre aniar ón Aigéan Atlantach agus na sléibhte a bheith timpeall air.
Inniu féin tugann oilithrigh as gach cearn a n-aghaidh ar an gcathair ar son thaisí an Naoimh.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.