From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba dhlíodóir agus polaiteoir Gearmánach é Roman Herzog (5 Aibreán 1934 - 10 Eanáir 2017), Bhí sé ina Uachtarán ar Chúirt Bhunreachtúil Fheidearálach na Gearmáine (Bundesverfassungsgericht) ó 1987 go 1994. Agus an seachtú huachtarán ar an nGearmáin ab ea é, ó 1994 go 1999.[1]
Fuair Herzog a dhochtúireacht sa dlí sa bhliain 1958. Bhí sé ina acadóir dlí ina dhiaidh sin.
Ghlac sé páirt sa pholaitíocht, mar bhall den CDU. Bhí sé ina aire i mBaden-Württemberg ó 1978 go 1983. Toghadh ar Chúirt Bhunreachtúil Fheidearálach na Gearmáine sa bhliain 1983, agus bhí sé ina Leas-Uachtarán uirthi ó 1983 go 1987.
Bhí sé ina chathaoirleach ar an gCoinbhinsiún chun dréacht-Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a ullmhú (1999-2000).[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.