bithcheimiceoir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Bithcheimicí a rugadh in Urbana, Illinois ab ea Robert William Holley (28 Eanáir 1922 – 11 Feabhra 1993). Ar an bhfoireann a shintéisigh peinicillin don chéad uair sna 1940idí. I 1962 d'aithin sé dhá RNA traschuir don chéad uair, agus go luath ina dhiaidh sin d'aonraigh sampla de RNA traschuir íon don chéad uair.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Eanáir 1922 Urbana, Illinois |
Bás | 11 Feabhra 1993 71 bliana d'aois Los Gatos, California |
Siocair bháis | Ailse scamhóg |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Illinois, Urbana–Champaign Ardscoil Urbana Ollscoil Cornell - ceimic orgánach (–1947) Weill Cornell Medicine (en) |
Céim acadúil | ollamh |
Áit chónaithe | Urbana Los Gatos |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Bithcheimic agus ceimic |
Gairm | bithcheimiceoir, ceimiceoir |
Fostóir | Ollscoil Cornell |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas |
Sa bhliain 1965 d'fhoilsigh sé struchtúr an aigéid núicléasaigh seo, atá bunúsach i ndéanamh na bpróitéiní sa chill.
Le Har Gobind Khorana is Marshall Nirenberg, bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1968 as an saothar seo.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.