ríomhchláraitheoir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Innealtóir ríomhaire, ceapadóir an ríomhphoist, a rugadh i Vale Mills, Nua-Eabhrac, sa bhliain 1941 ab ea Ray Tomlinson. Rinne sé obair do Roinn Cosanta na Stát Aontaithe ar líonra ríomhaire ghníomhaireacht na scéimeanna ardtaighde (ARPANET), réamhtheachtaire don Idirlíon. I 1971 cheap sé bealach chun teachtaireacht a sheoladh ó úsáideoir ar ríomhaire amháin chuig úsáideoir ar ríomhaire i gcéin. Roghnaigh sé an tsiombail @ chun ainm an úsáideora a scaradh ó ainm an ríomhaire a bheadh ag fáil na teachtaireachta.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Raymond Samuel Tomlinson 23 Aibreán 1941 Amsterdam, New York |
Bás | 5 Márta 2016 74 bliana d'aois Lincoln, Massachusetts |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Pholaiteicnice Rensselaer Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts - innealtóireacht leictreach (–1965) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Eolaí ríomhaireachta |
Gairm | ríomhchláraitheoir, cumadóir |
Tréimhse oibre | 1971 – |
Fostóir | BBN Technologies (en) |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | openmap.bbn.com… |
D'fhás Tomlinson aníos i Vale Mills, Nua-Eabhrac. Rinne sé staidéar insan Rensselaer Polytechnic Institute in Troy, New York, áit ar bhain sé céim B.S. amach i 1963 agus ansin sa Massachusetts Intstitute of Technology. Bhronn MIT céim M.S. air sa bhliain 1965.
Fuair sé bás ar an 5 Márta 2016.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.