From Wikipedia, the free encyclopedia
Ciallaíonn sábháilteacht ar líne[1] nó ríomhshábháilteacht go bhfuil an t-eolas ag duine chun na rioscaí féideartha a shainaithint agus go bhfuil duine feasach ar a shlándáil phearsanta fad is atá sé nó sí ag brabhsáil, ag comhroinnt nó ag scimeáil an idirlín.[2][3] Táthar imníoch ó tháinig an t-idirlíon ar an bhfód an chéad lá riamh go gcothaíonn algartaim áirithe iompar diúltach agus antoisceach den uile chineál, go háirithe i measc daoine óga.[4]
Tháinig an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha[5] i bhfeidhm in Éirinn ar an 16 Feabhra 2024,[6] le cúramaí Choimisiún na Meán mar chomhordaitheoir ar sheirbhísí digiteacha. Cúram reachtúil í seo, mar chuid den Acht um Sheirbhísí Digiteacha de chuid an AE.
Bhí fiosrúcháin ar bun ag an Aontas Eorpach sa bhliain 2024 faoin gcur chuige ag TikTok and Meta; bhí an chaoi a dtéann algartaim an dá ollchomhlacht sin i gcion ar dhaoine ar cheann de ghnéithe an fhiosrúcháin.[4] Chuir Coimisiún na Meán an Cód Sábháilteachta Ar Líne faoi bhráid an Choimsiúin Eorpaigh i mí na Bealtaine 2024. Ní foláir do gach comhlacht meán sóisialta daoine óga a chosaint ar ábhar urchóideach atá sainithe sa chód, lena n-áirítear ábhar a chothaíonn féindíobháil, féinmharú, neamhord itheacháin, cibearbhulaíocht, pornagrafaíocht, agus foréigean (go háirithe foréigean ar son an spóirt). Féadfar fíneáil suas le €20 milliún a ghearradh ar aon chomhlacht a shárós an cód.[4]
Ach níl halgartaim na gcomhlachtaí curtha san áireamh sa Chód Sábháilteachta, agus níl Comhairle um Chearta an Duine in Éirinn sásta faoi sin.
Tá sé chomh riachtanach i saol an lae inniu sábháilteacht ar líne a phlé agus a theagasc is atá sábháilteacht ar na bóithre nó ón strainséir a thairgeann milseán do pháiste.[7][8]
Tugtar comhairle do dhaoine óga gan aon cheo a chur ar líne nach mbeidís compordach dá bhfeicfeadh gach éinne é. Ach san éigeandáil, is fiú fios a bheith ag tuismitheoirí go bhfuil seirbhísí ann atá ábalta pictiúir áirithe a bhaint anuas den idirlíon go buan.[7]
Is éard is cibearbhulaíocht ann ná tromaíocht a dhéantar ar dhaoine ar an idirlíon.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.