From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is pleanáil teanga ann ná iarracht eagraithe atá meáite ar fhadhbanna praiticiúla in úsáid na teanga a fhuascailt, ceart na teanga a shainaithint is a shainmhíniú agus an teanga féin a chur chun cinn sa tsochaí. Cé gur minic a shíltear gur smaoineamh nua í an phleanáil teanga, seanchleachtadh is ea é, nó nuair nach raibh acadaimh ná forais teanga (cosúil le hAcadamh na Fraincise nó le KOTUS san Fhionlainn, mar shampla), bhí na ríthe agus na himpirí ag féachaint lena dtuiscint féin ar an teanga agus ar úsáid na teanga a chur i bhfeidhm ar an tsochaí. Bhí filí agus scríbhneoirí i mbun pleanáil teanga freisin ina lán áiteanna. Nuair a bhí an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach i réim in Éirinn go fóill, mar shampla, ba iad na filí agus na cúirteanna filíochta a d'fhéach chuige nach scinnfeadh an úsáid i bhfad ón gcleachtas ceart. Sin é an tuige go dtugtar Ceart na bhFilí (nó "Ceart na bhFileadh", i nGaeilge na linne) ar chaighdeán na linne Clasaicí, roimh "thonnbhriseadh an tseanghnáthaimh" sa 17ú haois. Is féidir a rá freisin go raibh "pleanáil teanga" in aghaidh na Gaeilge idir lámhaibh ag an stát Gallda ar feadh i bhfad.
Ba é Einar Haugen - teangeolaí clúiteach Meiriceánach de phór na hIorua - a cheap an téarma sin "pleanáil teanga", nuair a bhí sé ag tagairt don pholasaí teanga san Iorua.
Deir cuid mhaith daoine nach féidir teanga a phleanáil ná tionchar a imirt ar a fás nádúrtha - gurb ionann é go bunúsach agus bagairt ar an ngaoth. Sin é an tuiscint a bhíonn ag a lán i saol an Bhéarla, agus iad barúlach nach ndearnadh pleanáil ar bith ar a dteanga féin riamh. Is amhlaidh, áfach, gur pleanáil teanga de chineál éigin a bhí i gceist le foclóirí Samuel Johnson agus Noah Webster, agus go ndeachaigh moltaí úsáide an dá fhoclóir seo go mór mór i bhfeidhm ar chleachtadh scríofa an Bhéarla, ionas go raibh meas an chaighdeáin ag a lán orthu.
Pleanálaithe tábhachtacha teanga i dtíortha eile ab ea iad, mar shampla, Kemal Atatürk, Ivar Aasen, Vuk Stefanović Karadžić agus Johannes Aavik.
Go bunúsach, aithnítear dhá chineál pleanáil teanga, is é sin, pleanáil na teanga féin agus pleanáil a stádais. Tugtar "pleanáil an chorpus" ar phleanáil na teanga freisin, ós rud é gurb é "corpus" nó corp na teanga féin - an foclóir agus úsáid na gramadaí - atá i gceist ansin.
Ag déanamh trácht ar phleanáil na teanga féin dúinn, is féidir linn tagairt a dhéanamh do théamaí ar nós an córas scríbhneoireachta (an cineál aibítir a úsáidtear leis an teanga a bhreacadh síos, chomh maith leis an gceartlitriú), sainmhíniú rialacha na gramadaí, ceisteanna na ceartúsáide agus soláthar na dtéarmaí dúchasacha a chuirfidh ar chumas na gcainteoirí cúrsaí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta a chardáil trí mheán a dteanga féin gan dul i dtuilleamaí téarmaí tacair ná in iasachtaí aon oíche ó mhórtheanga éigin.
Maidir le caighdeánú na gramadaí, díríonn sé go ginearálta ar dhébhríocht a sheachaint agus ar an gcomhréiteach is fearr a aithint idir na canúintí difriúla - nó, má tá canúint ar leith á húsáid go forleathan i gcumarsáid na gcainteoirí ó cheantair éagsúla, rialacha gramadaí na canúna seo a leagan síos agus a chur ar fáil do na proifisiúnaithe teanga, cosúil le múinteoirí agus le scríbhneoirí.
Is síol faoi teangeolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.