fine éan From Wikipedia, the free encyclopedia
Is grúpa éan uisceach gan eitilt iad na piongainí (ord: Sphenisciformes). Cónaíonn siad beagnach go heisiach sa Leathsféar Theas: níl ach speiceas amháin, an piongain Galápagos (Spheniscus mendiculus), le fáil ó thuaidh ón Meánchiorcal. Tá piongainí curtha in oiriúint go mór don saol san uisce, agus tá cluimhrí dorcha agus bána cuntrascáthacha acu agus lapaí chun snámha. Beathaíonn formhór na bpiongainí ar chrilleanna, éisc, scuideanna agus cineálacha eile beatha mara a ghabhann siad lena gcuid gob agus sloigeann siad ina iomláine iad agus iad ag snámh. Tá teanga spíonach agus gialla cumhachtacha acu chun greim a fháil ar chreacha sleamhna.[1]
Spheniscidae | |
---|---|
Pygoscelis papua | |
Taifead | |
Sonraí | |
Modh gluaiseachta | déchosachas |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Sphenisciformes |
Fine | Spheniscidae Bonaparte, 1831 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Caitheann siad a bheag nó a mhór dá saol ar thalamh agus an leath eile san fharraige. Is í an phiongain impireach (Aptenodytes forsteri) an speiceas beo is mó:[2] ar an meán, bíonn an t-éan fásta thart ar 1.1 m ar airde agus 35 kg mheáchain. Is í an phiongain bheag (Eudyptula minor) an speiceas is lú, a sheasann timpeall 30 -33 cm ar airde agus 1.2-1.3 kg mheáchain.[3] Sa lá atá inniu ann, cónaíonn na piongainí níos mó go ginearálta i réigiúin níos fuaire, agus cónaíonn na piongainí níos lú i réigiúin le haeráidí measartha nó trópaiceacha. Bhí roinnt speiceas réamhstairiúil ollmhór: chomh hard nó trom le duine fásta. Bhí éagsúlacht mhór speiceas i réigiúin fho-Antartach, agus speiceas ollmhór amháin ar a laghad i réigiún timpeall 2,000 km ó dheas ón meánchiorcal 35 mhilliún bliain ó shin, le linn an tSealaid Eoicéinigh Dhéanaigh, nuair a bhí aeráid cinnte níos teo ná mar atá inniu ann.[4]
Feictear an focal piongain den chéad uair sa litríocht ag deireadh an 16ú haois.[5] Nuair a d'aimsigh taiscéalaithe Eorpacha an rud ar a dtugtar piongainí sa lá atá inniu ann sa Leathsféar Theas, thug siad faoi deara go raibh a gcuma cosúil leis an fhalcóg mhór (Pinguinus impennis) ón leathsféar thuaidh, agus ainmníodh iad i ndiaidh an éin seo, cé nach bhfuil dlúthbhaint acu leis.[6]
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.