Oileánra de oileáin bholcánacha iad Oileáin Galápagos (Ainm oifigiúil: Archipiélago de Colón; ainmneacha Spáinise eile: Islas de Colón nó Islas Galápagos) atá lonnaithe timpeall an mheánchiorcail san Aigéan Ciúin 972 km (525 míle) siar ó Eacuadór ilchríochach, a bhfuil siad mar chuid de. An fiadhúlra spéisiúil atá acu an ghné is suntasaí faoi na hoileáin.
(es) Islas Galápagos | |||||
Cineál | Oileánra, éiciréigiún WWF agus díol spéise do thurasóirí | ||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Chelonoidis niger | ||||
Suíomh | |||||
Limistéar riaracháin | Galápagos Province, Eacuadór (en) | ||||
| |||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Ciúin | ||||
Codanna | 25 | ||||
Tréithe | |||||
Airde os cionn na farraige | 1,707 m | ||||
Pointe is airde | Volcán Wolf (en) (1,707 m ) | ||||
Achar | 7,880 km² | ||||
Tearmann bithsféir | |||||
Aitheantóir | Fitxa | ||||
Stair | |||||
Blian aimsithe | 1535 | ||||
Suíomh gréasáin | galapagospark.org | ||||
Nádúr
Tá a lán ainmhithe ar na hOileáin Galápagos agus níl siad ar fáil in aon áit eile. Is Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO iad na hoileáin anois.[1]
Sa 19ú haois, rinne Charles Darwin an-chuid taighde ar na hoileáin, ag féachaint ar na hainmhithe agus ar an timpeallacht, nuair a bhí a theoiric ar an éabhlóid á forbairt aige.[2]
Sa bhliain 2022, thug taighdeoirí faoi deara go bhfuil DNA difriúil ag na toirtísí atá ar na hoileáin anois, i gcomparáid leis an DNA a bhí ag na toirtísí in 1906.
Turasóireacht
Tugann suas le 330,000 duine cuairt an na hoileáin Galápogos gach aon bhliain. Tá táille $200 an duine á ghearradh orthu (in 2024) in iarracht an ghnáthóg speisialta a chosaint.[3]
Féach freisin
- Glasáin Darwin
- Lonesome George. Olltoirtís ab ea Lonesome George (nó El Solitario Jorge), as Páirc Náisiúnta Oileáin Galápagos (ar Oileán Pinta). Bhásaigh Lonesome George ar 24 Meitheamh 2012. Ba é an t-ainmhí ba theirce ar domhan é ag an am.[4]
Meáin
- (Grapsus grapsus) Bahía Tortuga
- (Pelecanus occidentalis) Bahía Tortuga
- (Amblyrhynchus cristatus) Bahía Tortuga
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.