polaiteoir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Iarionadaí na Stát Aontaithe ag na Náisiúin Aontaithe is ea Nikki Haley, a rugadh mar Nimrata "Nikki" Randhawa ar 20 Eanáir 1972.[1][2] Tá sí ina ball den Pháirtí Phoblachtach agus i bhfad amach ar an eite dheis. Ba ghobharnóir ar Carolina Theas í ó 2011 go 2017. Ambasadóir na Stát Aontaithe chuig na Náisiúin Aontaithe a bhí inti sna blianta 2017–2018.
(2010) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en-in) Nimarata Nikki Randhawa 20 Eanáir 1972 52 bliana d'aois Bamberg, South Carolina |
29 Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na Náisiúin Aontaithe | |
27 Eanáir 2017 – 31 Nollaig 2018 ← Michele J. Sison – Jonathan Cohen (en) → Ceaptha ag: Donald Trump | |
Gobharnóir Carolina Theas | |
12 Eanáir 2011 – 24 Eanáir 2017 ← Mark Sanford – Henry McMaster → | |
Ball de Theach Ionadaithe Carolina Theas | |
11 Eanáir 2005 – 11 Eanáir 2011 ← Larry Koon | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Modhachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Orangeburg Preparatory Schools, Inc. (en) (–1989) Ollscoil Clemson - accounting and finance (en) (–1994) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Columbia Nua-Eabhrac |
Gairm | polaiteoir, taidhleoir, duine den lucht gnó |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Michael Haley (1996–) |
Athair | Ajit Singh Randhawa agus Raj Kaur Randhawa |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | nikkihaley.com |
Rugadh Haley in Bamberg, Carolina Theas, do thuismitheoirí Suíceacha ón India. Tá céim B.S. i gcuntasóireacht aici ó Ollscoil Clemson. I mí Meán Fómhair phós sí Michael Haley i searmanais Shuíceacha agus Modhacha. Deir sí gur Críostaí í agus go bhfuil sí ina ball de phobal Modhach.
Sula raibh sí ina gobharnóir, bhí sí ina hionadaí ar son Contae Lexington i dTeach Ionadaithe Carolina Theas (2005 go 2011).[3]
Ba ea í Haley an chéad bhean a bheith ina ghobharnóir ar stát South Carolina, an gobharnóir Meiriceánach b'óige ag an am[4][5] agus an dara duine de shliocht Indiach a bheith ina gobharnóir Meiriceánach (i ndiaidh Bobby Jindal).
Cathaoirleach ar bhord Ollscoil Carolina Theas ba ea í sna 2010idi.[6]
Ar 23 Samhain 2016 d'fhógair Donald Trump go n-ainmneodh sé Haley do phost ambasadóra SAM chuig na Náisiúin Aontaithe.[7]
Le linn Eanáir 2024 sna toghcháin tosaigh, d'éirigh Haley an t-aon duine a bheith san iomaíocht leis an iar-Uachtarán Donal Trump don ainmniúchán. Bhí Haley ag súil lena chruthú in New Hampshire go bhféadfadh sí Trump a chur dá bhuille, ach bhí sí ag snámh in aghaidh easa.[8]
Bhí bua mór eile ag Trump ar an 5 Máirt 2024 agus d'éirigh Haley as an rás. Níor bhuaigh Haley ach dhá réamhthoghchán le linn a feachtais (Washington DC agus Vermont). An port a bhí ag Nikki Haley ag an am ná go raibh malairt rogha tuillte ag lucht an pháirtí, go háirithe agus coireanna coiriúla éagsúla curtha i leith Trump.[9][10] Deir saineolaithe gur le gráin ar Trump a fuair Haley an méid tacaíochta a fuair sí agus gurb iad na vótóirí meánaicmeacha seo a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu a bheidh cinniúnach san olltoghchán.[11]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.