From Wikipedia, the free encyclopedia
Scoláire agus bailitheoir ceoil, eitnicheoleolaí, ceoltóir, agus Luimníoch ba ea Mick Moloney (15 Samhain 1947 - 27 Iúil 2022),[1][2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Michael Moloney 15 Samhain 1944 Luimneach, Éire |
Bás | 27 Iúil 2022 77 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Pennsylvania |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoltóir |
Tréimhse oibre | 1964 – 2022 |
Seánra | Ceol tíre |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Ceol gutha, bainseó, maindilín, Octave mandolin (en) agus giotár |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | mickmoloney.com |
Cé gur i Luimneach a rugadh é i 1944, ba i Stáit Aontaithe Mheiriceá a chaith sé bunús a shaoil ó 1973, áit ar bhain sé cáil amach mar cheoltóir gairmiúil, saineolaí ceoil, béaloideasóir agus múinteoir. Bhí clú agus meas air chomh maith mar gheall ar an stór mór amhrán a bhí bailithe aige a chuireann síos ar stair agus ar chultúr na nÉireannach i Meiriceá.[4][5]
An bainseó a bhí ar a ghlúin ag Mick agus gan é ach sé bliana déag d’aois i Luimneach.[6]
Ina óige in Éirinn, sheinn sé leis an Emmet Folk Group agus chaith sé 5 bliana leis The Johnstons.
I ndiaidh céim dochtúireachta sa cheol a bhaint amach in Ollscoil Pennsylvania, tháinig sé faoi anáil cheol na ndaoine i Meiriceá. Chaith sé sealanna ag múineadh an cheoil in Ollscoileanna Georgetown, Villanova agus sa New York University. Bhí ardmheas air sa domhan eitnicheoleolaíochta i Meiriceá - an t-ábhar a theagasc sé do na sluaite de lucht ollscoile.[6]
Bhunaigh Molney an grúpa, Green Fields of America.. Bhí féile ar siúl i West Virginia a bhí eagraithe ag Mick Moloney, an Augusta Heritage Festival.[7][8]
Léirigh sé agus thiomsaigh sé seancheol agus nuacheol le ceoltóirí móra Mheiriceá - cuid acu a chuaigh ar imirce as Éirinn agus chuir sé a stair siúd in eagar. Bhí sé ina chomhairleoir ag féilte agus imeachtaí móra ceoil agus bhí baint aige le bunú grúpaí mar 'Cherish the Ladies'.[6]
Phós Moloney trí uair sna Stáit Aontaithe, Miriam Murphy, Philomena Murray agus Judy Sherman. Bhí mac amháin aige le Philomena Murray.
Chuaigh Moloney chuig an Téalainn don chéad uair sna 1990idí.[9][10] Cheannaigh sé arasán i mBangkok, agus mhair sé ann le Sangjan Chailungka. Ceapadh é ina léachtóir in eolaíocht pholaitiúil san ollscoil ann. Bhunaigh sé ceolfhoireann do pháistí sa Mercy Center in Khlong Toei, agus an sagart Joseph H. Maier i mbun.
D'éag Moloney ar 27 Iúil 2022, i nGreenwich Village, in aois 77 dó.
Bronnadh an iliomad gradam air i Meiriceá agus in Éirinn. Sa bhliain 2014, bronnadh Gradam Comaoine TG4 ar Mick Moloney,
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.