Remove ads
polaiteoir Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Dlíodóir agus polaiteoir Meiriceánach is ea Michelle Lynn Lujan Grisham ( a rugadh 24 Deireadh Fómhair, 1959) iatá ag obair ó 2019 mar an 32ú gobharnóir ar Nua-Mheicsiceo. Ina ball den Pháirtí Daonlathach, d'oibrigh Lujan Grisham roimhe sin mar ionadaí SAM don 1ú toghlach comhdhála i Nua-Mheicsiceo ó 2013 go 2019.
Rugadh Michelle Lujan i Los Alamos, Nua-Mheicsiceo, agus d'fhás sí aníos i Santa Fe. Chleachtaigh a hathair, Llewellyn Eugene "Buddy" Lujan, an fhiaclóireacht sna hochtóidí go dtí go bhfuair sé bás i Márta 2011. Cúramaí baile as Indiana ó dhúchas ab ea a máthair, Sonja Lee (née Jackson), [1] a fuair bás sa bhliain 2022. Diagnóisíodh go raibh meall inchinne ar a deirfiúr Kimberly nuair a bhí sí dhá bhliain d'aois agus fuair sí bás nuair a shroich sí 21 bliain d'aois. [2]
arD’oibrigh Lujan Grisham mar stiúrthóir ar Roinn Aosaithe agus Seirbhísí Fadtéarmacha Nua-Mheicsiceo faoi Bruce King, Gary Johnson, agus Bill Richardson . Le linn thréimhse Richardson, ardaíodh an post go leibhéal na comh-aireachta stáit. Sa bhliain 2004, d'ainmnigh sé Lujan Grisham mar Rúnaí Sláinte Nua-Mheicsiceo agus bhí sí sa phost go dtí 2007. [3]
Toghadh Lujan Grisham ina dhiaidh sin ar Choimisiún Contae Bernalillo, ag obair ann ó 2010 go 2012. [4]
D’éirigh Lujan Grisham as a post mar Rúnaí Sláinte, ag seasamh sa toghchán do Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe i 2008, ach chaill sí sa toghchán tosaigh Daonlathach don iarrthóir Martin Heinrich, a bhuaigh le 44% den vóta. Tháinig Rúnaí Stáit Nua-Mheicsiceo, Rebecca Vigil-Giron sa dara háit le 25% agus Lujan Grisham sa tríú háit le 24%.[5][6][7]
Lorg Lujan Grisham ainmniúchán an pháirtí Dhaonlathaigh don Teach arís in 2012 tar éis do Heinrich cinneadh a dhéanamh rith do Sheanad na Stát Aontaithe . Bhuaigh sí an t-ainmniúchán, ag sárú Marty Chavez agus Eric Griego .[8] Bhuaigh sí ar Janice Arnold-Jones, iarbhall de Theach Ionadaithe Nua-Mheicsiceo, in olltoghchán na Samhna, [9][10] 59%–41%.[11]
Bhuaigh Lujan Grisham ar an bPoblachtánach Mike Frese i dtoghcháin 2014, 59% go 41%.[12]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.