ceoltóir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Cumadóir is ea Michael McGlynn (a rugadh ar 11 Bealtaine 1964). Is ar an gceol do chóracha is mó a bhfuil a cháil bunaithe, cé go bhfuil ceol uirlise cumtha aige chomh maith.[1] Bhunaigh sé an cór Anúna[2] agus ba é an cór sin a chan ag tús Riverdance nuair a chéad chraoladh beo é ag comórtas Eoraifíse na bliana 1994.[3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Bealtaine 1964 60 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | cumadóir, amhránaí |
Tréimhse oibre | 1987 – |
Seánra | Ceol clasaiceach |
Suíomh gréasáin | michaelmcglynn.com |
Rugadh Michael McGlynn i mBaile Átha Cliath i 1964. Bhunaigh sé an cór Anúna sa bhliain 1987 agus bhí d‟aidhm aige an ceol traidisiúnta a chur chun cinn, ach é i riocht nua-aimseartha. Meascann sé an ceol traidisiúnta modúil le comhcheol saibhir, mistéireach ina chuid saothar.[3]
Tugann McGlynn cúrsaí do chóracha chomh maith le bheith ag obair mar stiúrthóir ar a chór Anúna, a bhíonn ag taisteal ar fud an domhain ag canadh.[3]
Bhunaigh McGlynn an grúpa M'ANAM sa bhliain 2018.[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.