saineolaí ar Ghaeilge na hAlban From Wikipedia, the free encyclopedia
Is teangeolaí Gearmánach é Michael Bauer nó Mìcheal Bauer (München, 4 Samhain 1974).[1] Tá sé an-ghníomhach i saol Ghaeilge na hAlban, ag déanamh taighde agus teagasc taobh amuigh den ollscoil, ag cruthú acmhainní digiteacha sa teanga (mar shampla bogearraí) agus san fhoilsitheoireacht.[1][2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Samhain 1974 50 bliana d'aois München, An Ghearmáin |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Agnóiseachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Stow (2002–2003) Ollscoil Dhún Éideann - teangeolaíocht, léann Ceilteach (1998–2002) Ollscoil Ludwig Maximilian, München (1995–1998) Gisela-Gymnasium (1985–1995) |
Áit chónaithe | Glaschú |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí, mionfhoilsitheoireacht, foclóirí, aistritheoir |
Ball de | The Document Foundation (2012–2014) |
Mac/iníon léinn de chuid | Roibeard Ó Maolalaigh |
Teangacha | An Ghearmáinis, Béarla, Gaeilge na hAlban, an Bhascais agus an Chantainis |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | akerbeltz.org |
Rinne sé céim sa teangeolaíocht agus Gaeilge na hAlban in Ollscoil Dhún Éideann idir 1998 agus 2002, agus cé go raibh sé ina shaoránach Gearmánach ar dtús, fuair sé saoránacht Bhriotanach i 2010.[1]
Bhí sé ina bhall den Document Foundation freisin, an fhondúireacht a fhorbraíonn LibreOffice.[4]
Is é Mìcheal Bauer agus Will Robertson a d'fhoilsigh Dwelly-d (leagan ar líne den fhoclóir mór Dwelly lenar féidir cuardach a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge na hAlban) agus Am Faclair Beag (foclóir Ghaeilge na hAlban ina bhfuil téarmaíocht agus abairtí nua-aimseartha ach le Dwelly ann chomh maith) i 2009.[5] Fuair an bheirt moladh ó Pharlaimint na hAlban agus ó Pharlaimint Westminster mar gheall ar an obair dheonach seo.[6][7]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.