scríbhneoir Albanach From Wikipedia, the free encyclopedia
File, scoláire agus scríbhneoir gearrscéalta Albanach is ea Meg Bateman.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Aibreán 1959 65 bliana d'aois Dún Éideann, Scotland |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Oilthigh Obar Dheathain |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aistritheoir, scríbhneoir, file |
Fostóir | Ollscoil Dhún Éideann Oilthigh Chill Rìmhinn |
Seánra | Filíocht |
Teangacha | Béarla agus Gaeilge na hAlban |
Rugadh Bateman i nDún Éideann. Rinne sí staidéar ar theangacha na gCeilteach ag Ollscoil Obar Dheathain agus chríochnaigh sí PhD i bhfilíocht reiligiúnach Ghaeilge na meánaoise. Chuaigh sí ar aghaidh ansin chun an Ghaeilge a theagasc in Ollscoileanna Dhún Éideann agus Obar Dheathain.[1] Mhúin sí Gaeilge na hAlban freisin in Ollscoil Dhún Éideann agus ba Léachtóir Sinsearach Oinigh í in Ollscoil Chill Rìmhinn]].[2]
Foilsíodh an chéad chnuasach de dhánta Bateman, Òrain Ghaoil, sa bhliain 1990 agus foilsíodh an dara ceann, Aotromachd agus dàin eile sa bhliain 1997. Díríonn a céad bhailiúchán agus a dara bailiúchán ar chaidreamh daonna agus ar leagan idéalaithe den ghrá.[3]
Tá filíocht Ghaeilge aistrithe aici go Béarla sna leabhair a leanas: Anthology of Scottish Women Poets (1991), Creachadh na Clàrsaiche (1993), Duanaire na Sracaire / Songbook of the Pillagers: anthology of Scotland’s Gaelic verse to 1600 (2007), Bàird Ghleann Dail / The Glendale Bards (2014).[4]
Foilsíodh an tríú bailiúchán aici, Soirbheas, sa bhliain 2007, agus an ceathrú ceann, Transparencies, sa bhliain 2013.
Sa bhliain 2011, tháinig an chéad ghearrscéal a d'fhoilsigh Bateman i nGaeilge na hAlban amach, dar teideal Chanadh gun d'chur i às dha, sa bhailiúchán gearrscéalta Saorsa a d'fhoilsigh CLÀR.[5]
Tá sí ina léachtóir ag Sabhal Mòr Ostaig agus ina léachtóir sinsearach in Ollscoil Chill Rìmhinn.
Bhronn Oilthigh na Gàidhealtachd an teideal “ollamh” uirthi sa bhliain 2015.
in Tom Pow, 'A Year of Conversations' (https://www.ayearofconversation.com/) le teacht
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.