sagart Iodálach (1552–1610) From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba shagart Íosánach Iodálach é Matteo Ricci,(Laidin: Mattheus Riccius Maceratensis; 6 Deireadh Fómhair 1552 go dtí 11 Bealtaine, 1610). Bhí Ricci ar cheann na sagart a bhunaigh misin na nÍosánach sa tSín.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Deireadh Fómhair 1552 Macerata (Stáit an Phápa) |
Bás | 11 Bealtaine 1610 57 bliana d'aois Béising (Teaghlach Zhu) |
Áit adhlactha | Reilig Zhalan 39° 55′ 49″ N, 116° 20′ 24″ E |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Rómhánach (1569–1577) Ollscoil Sapienza na Róimhe - dlí (1568–1569) Jesuit College (en) (1561–1568) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Saint Paul's College, Goa (en) (1578–1582) Coimbra (1577–1578) |
Gairm | taiscéalaí, preispitéir, matamaiticeoir, misinéir, cartagrafaí, aistritheoir, sinologist (en) |
Tréimhse ama | Ríshliocht Ming |
Teangacha | An Laidin, An Fhilipínis, an Iodáilis agus an tSínis |
Ord crábhaidh | Cumann Íosa |
Ardú | |
| |
Lá féile | 11 Bealtaine |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Rinne Ricci léarscáil den domhan, an Kūnyú Wànguó Quántú (坤輿萬國全圖) i gcarachtair Sínise.
San Eaglais Chaitliceach Rómhánach i láthair na huaire, meastar Ricci ina "Shearbhónta Dé", chun naomh a dhéanamh de.
Bhain Ricci an lonnaíocht Phortaingéalach Macau amach sa bhliain 1582. Thosaigh sé a chuid oibre misinéireachta sa tSín sa bhaile seo.
Fuair Ricci cuireadh ón Impire Wàn Lì dul ar cuairt. Ba é an chéad Eorpach chun dul isteach sa Chathair Thoirmiscthe i gcathair Bhéising, sa bhliain 1601. Bhí an tImpire ag lorg eolais uaidh, maidir le réalteolaíocht agus astralaíocht.
Bhí Ricci ag iarraidh muintir na háite a thabhairt chun na Críostaíochta. D'iompaigh Ricci roinnt oifigeach de chuid na Síne, Xú Guāngqǐ an ceann is tábhachtaí díobh. Thug an fear seo lámh do Ricci chun an Stoicheia (leabhar a scríobh an matamaiticeoir Gréagach Eoiclídéas) a aistriú go Sínis. Agus d'aistrigh Ricci agus Xú Guāngqǐ téacsanna clasaiceacha Confúiceach go Laidin don chéad uair.
Rugadh Ricci ar 6 Deireadh Fómhair, 1552, i Macerata, a bhí ansin mar chuid de Stáit an Phápa, agus sa lá atá inniu ann, ina chathair i réigiún Mharche na hIodáile. Thug sé faoin léann clasaiceach ina bhaile dúchais agus rinne sé staidéar ar an dlí sa Róimh ar feadh dhá bhliain ina dhiaidh sin.
Chuaigh sé isteach sa Chumann Íosa i mí Aibreáin 1571 ag an gColáiste Rómhánach. Nuair a bhí sé ansin, chomh maith le fealsúnacht agus diagacht, rinne sé staidéar ar an mhatamaitic agus an réalteolaíocht faoi threoir an Athar Christopher Clavius. sa bhliain 1577, chuir sé isteach ar thuras taiscéalaíochta misinéara chuig an Cianoirthear.
Chroch sé a sheolta i Liospóin, an Phortaingéil i Márta 1578 agus shroich sé Goa, coilíneacht Phortaingéilis, i Meán Fómhair. D'fhan Ricci ansin ag teagasc agus san mhinistreacht go dtí deireadh an Charghais, 1582, nuair glaodh air dul chuig Macau le bheith ullamh chun dul isteach sa tSín. Bhain Ricci Macau amach i dtús mhí Lúnasa.
D'éag Ricci ar 11 Bealtaine 1610, i mBéising, 57 bliain d'aois. Bhí sé curtha i dteampall Búdaíoch ann, pribhléid neamhghnách.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.