From Wikipedia, the free encyclopedia
Matamaiticeoir Gréagach ab ea Eoiclídéas (beo i 300 RC). Bhí sé gníomhach i gCathair Alastair le linn réimeas an Fharó Tolamaes Slánaitheoir (323-283 R.Ch.) Tá a Stoicheia (Gaeilge:Uraiceachtaí) ar cheann de na saothair is mó tionchair i stair na matamaitice, agus é ina phríomhthéacsleabhar do mhúineadh na matamaitice (go háirithe geoiméadracht) ó am a fhoilsithe go dtí deireadh an 19ú haois nó tús an 20ú haois. Sna Stoicheia, d'oibrigh Eoiclídéas amach teoirimí an rud ar a dtugtar anois geoiméadracht Eoiclídeach as tacar beag aicsímí. Scríobh Euclid saothair freisin ar pheirspictíocht, ar chónghearrthacha, ar gheoiméadrach sféarúil, ar uimhirtheoiric, agus ar chríochnúlacht mhatamaiticiúil.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (grc) Εὐκλείδης h. 340 "RCh" ↔ 315 "RCh" luach anaithnid |
Bás | luach anaithnid luach anaithnid |
Áit chónaithe | Cathair Alastair |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Geoiméadracht |
Gairm | matamaiticeoir, scríbhneoir |
Tréimhse ama | An Ré Heilléanaíoch |
Tréimhse oibre | (Floruit: 3 haois "RCh"–300 "RCh") |
Mac/iníon léinn | Diocleides na hAithne |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
Saothar | |
Saothar suntasach
|
Tá an leagan Gaelaithe Eoiclídéas bunaithe ar a ainm Gréigise Εὐκλείδης (Eukleídēs), a chiallaíonn "clúiteach, glórmhar".[1]
Maireann fíorbheagán tagairtí bunaidh d’Eoiclídéas go dtí an lá atá inniu ann, agus mar sin beag atá ar eolas againn anois faoina shaol. Is dócha gur rugadh é thart ar 325 R.Ch., cé nach fios áit agus imthosca a bhreithe agus a bháis agus ní féidir é a mheas ach i gcoibhneas le daoine eile a luaitear leis. Luann matamaiticeoirí Gréagacha eile ó Airciméidéas (c. 287 RC – c. 212 R.Ch) ar aghaidh é, cé gur annamh a luaitear é, agus de ghnáth tugtar "ὁ στοιχειώτης" ("údar na Stoicheia")[2] air. Ba é Próclos a scríobh an cúpla tagairtí stairiúla d’Eoiclídéas c. 450 AD, ocht gcéad i ndiaidh a mhair Eoiclídéas.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.