From Wikipedia, the free encyclopedia
Rinceoir coimhthíoch agus cúirtéiseánach ba ea Margaretha Geertruida "Grietje" Zelle, nó Mata Hari, a céimainm (7 Lúnasa 1876, Leeuwarden - 15 Deireadh Fómhair 1917, Vincennes). Ba Freaslannach í. Cuireadh chun báis í i rith an Chéad Chogadh Domhanda nuair a cuireadh an spiaireacht ina leith, ach rinne an t-arm Francach éagóir uirthi, is cosúil.[1]
(1900) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (nl) Margaretha Geertruida Zelle 7 Lúnasa 1876 Ljouwert, An Ísiltír |
Bás | 15 Deireadh Fómhair 1917 41 bliana d'aois Vincennes, An Fhrainc |
Siocair bháis | Pionós an bháis agus bású ag scuad lámhaigh (Tráma balaistíoch) |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Mata Hari H 21 |
Áit chónaithe | Indiacha Thoir na hOllainne Cúige na Veinéise an Háig Maidrid Príosún Saint-Lazare |
Airde | 173 cm |
Dathán gruaige | Gruaig dhubh |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Damhsa |
Gairm | cúirtéiseánach, spiaire, damhsóir earótach |
Tréimhse ama | Belle Époque |
Tréimhse oibre | 1900í – |
Fostóir | Georges Ladoux, spiaire (1916–) Émile Guimet, damhsóir earótach Deuxième Bureau |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda |
Eile | |
Céile | Rudolph MacLeod (1895–1902) |
Páiste | Norman-John MacLeod, Louise Jeanne MacLeod |
Athair | Adam Zelle agus Antje van der Meulen |
Ciontaíodh i | spiaireacht (1917) → (pionós an bháis) |
Croineolaíocht | |
13 Feabhra 1917 | gabháil |
13 Feabhra 1917 | braighdeanas baile (Élysée Palace) |
1902 | colscaradh (an Háig) |
Rugadh Mata Hari i Leeuwadren san Ísiltír. Agus i mbarr a réime di, bhí sí ina rinceoir anghrách inar ceadaíodh roinnt grianghraf beagáinín mínáireach. Chuir é seo gan amhras leis an íomhá de femme fatale a bhí aici.
Bhí Mata Hari 5'10" ar airde agus tarraingteach san áireamh. De dheasca sin bhí sí faoi shúile na bhfear go minic. Dúradh gur mhór an caidreamh collaí a bhí aici le hoifigigh míleata agus lucht na huasaicme, chomh maith le polaiteoirí na tréimhse sin.
Cuireadh ina leith ag an Deuxième Bureau na Fraince go raibh sí ag spiaireacht ar son na nGearmánach.
Dúirt sí nach raibh baint rómhór aici leis an spiaireacht. De réir cáipéisí oifigiúla na Gearmáine, tugadh an cód-uimhir H-21 uirthi. Tá an chuma ar an scéal gur spiaire ab ea í, ach is beag éifeacht a bhí aici. I ndáiríre rinneadh ceap milleáin di. Chuir scuad lámhaigh Mata Hari chun báis ar an 15 Deireadh Fómhair 1917, i Vincennes sa Fhrainc le linn an Chéad Chogadh Domhanda, agus í 41 bliana d'aois ag an am.
Rinneadh scannán dá saol dar teideal 'Mata Hari' i 1931 leis an réalta scannáin Shualannach Greta Garbo ag glacadh an príomhról.
Rinneadh taighde anatamaíoch ar a corp. Bhí ceann Mata Hari balsamaithe. Ach cailleadh na húdaráis é (an músaem anatamaíoch i bPáras) sa bhliain 1954 nó níos déanaí (níl a fhios acu).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.