polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Iar-fheisire Eorpach de chuid Fhine Gael ba ea Mary Banotti (26 Bealtaine 1939 – 10 Bealtaine 2024).[1]
Ba i gCluain Tairbh i gceantar thuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath a rugadh Mary Banotti. Seanuncail dá cuid ab ea an réabhlóidí clúiteach, Michael Collins a maraíodh le linn Chogadh na gCarad. B'as iarthar Chorcaí ó dhúchas máthair Mary, Kitty Collins, agus ba neacht mhór í le Micheál Ó Coileáin.
Bhí Mary ar dhuine de sheisear clainne, cúigear deirfiúracha agus deartháir amháin. Deirfiúr léi ba ea an t-iar-Aire Dlí is Cirt, Nora Owen.
Bhí Mary sé bliana déag d'aois nuair a cailleadh a hathair. Fostaí de chuid an bhainc ba ea é, agus d'fhág a hathair pinsean beag ag a máthair. Múinteoir eolaíochta baile a bhí inti agus bhí sí in ann dul ar ais ag obair i gColáiste na Lónadóireachta, Sráid Chathail Brugha.
D'fhreastail Nora ar an gClochar Doiminiceach i gContae Chill Mhantáin.
Banaltra a bhí inti agus d'oibrigh sí timpeall an domhain (Londain, Nua Eabhrac, Céinia agus an Róimh) sula ndeachaigh sí go Parlaimint na hEorpa i 1984 mar fheisire do Fhine Gael ó thoghlach Bhaile Átha Cliath. Chaith sí 20 bliain mar fheisire.
Rith sí i dtoghchán na hUachtaránachta i 1997, ní raibh chun tosaigh uirthi ag deireadh an rása ach an té a toghadh, Máire Mhic Ghiolla Íosa (Fianna Fáil).
Bhí aithne mhaith ar Mary Banotti le beagnach 50 bliain mar gur mhinic í le cloisteáil ar an raidió agus teilifís ag caint ar cheisteanna sóisialta.
Fuair Banotti bás ar an 10 Bealtaine 2024. Bhí sí 84.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.