From Wikipedia, the free encyclopedia
Ar an 12 Meitheamh 2016, mharaigh Omar Mateen 49 duine agus ghortaigh sé 58 eile in ionsaí "sceimhlitheoireachta" - nó coir fuatha - i gclub oíche "Pulse" in Orlando, Florida, sna Stáit Aontaithe, an eachtra lámhaigh is measa a tharla i Meiriceá le cuimhne na ndaoine go dtí an lá sin.
| ||||
Cineál | oll-lámhach géarchéim giall ionsaí sceimhlitheoireachta anti-LGBT hate crime (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | sceimhlitheoireacht sna Stáit Aontaithe, violence against LGBT people (en) agus Oll-lámhaigh sna Stáit Aontaithe | |||
Dáta na bliana | 12 Meitheamh 2016 | |||
Fad ama | 231 min | |||
Suíomh | Pulse Nightclub, 1912 S. Orange Avenue, Orlando, Florida, United States | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Cúis | antoisceachas Ioslamach hómafóibe | |||
Líon básanna | 50 | |||
Líon gortaithe | 53 | |||
Déantóir na coire | Omar Mateen (sladmharfóir, shooter (en) ) | |||
Arm | Sig Sauer MCX (en) Glock (en) | |||
Garda slándála ab ea Omar Saddiiqui Mateen, 29 bliain d'aois, as Fort Pierce, 120 míle as Orlando.[1]
Nuair a thosaigh Mateen ag dul as a chrann cumhachta, bhris póilíní isteach sa gclub oíche agus Marteen ag scaoileadh piléir le gialla a bhí gafa ansin aige. Thug an gunnadóir faoin ionsaí ar bhealach eagraithe agus rogha airm agus armlóin ina sheilbh.[2]
Naonúr póilíní a chuaigh i ngleic leis an ionsaitheoir agus gortaíodh duine acu nuair a bhuail piléar sa tsúil é.
Scaoil oifigigh de chuid an Orlando Police Department (OPD) leis agus mharaigh siad an t-ionsaitheoir féin tar éis trí huaire de leamhsháinn.
“Sceimhlitheoireacht bhaile” a bhí i gceist san eachtra, a dúirt na póilíní ag an am. Ach dúirt lucht fiosraithe nach raibh aon fhianaise ann go raibh aon cheangal ag Omar Mateen i dteagmháil le grúpaí ar nós IS cé go ndúirt sé i nglaoch gutháin sular maraíodh é go raibh sé dílis don Stát Ioslamach mar a thugtar orthu.
Ligeadh saor Noor Salman, beanchéile Omar Mateen, níos déanaí. Ní raibh a dóthain fianaise ann chun Noor Salman a chur ar a trial. Bhí lucht fiosraithe ag iarraidh a fháil amach cad go díreach a bhí ar eolas ag Noor Salman faoi phlean a fir chéile chun ionsaí marfach a dhéanamh.
Thug Uacharán Mheiriceá Barack Obama cuairt ar láthair na tubaiste in Orlando. Cháin sé Donald Trump faoi go bhfuil sé ag moladh cosc a chur ar Mhoslamaigh teacht go Meiriceá.[3]
Ní nach ionadh bhí dlíthe gunnaí agus srianta ar inimircigh chun tosaigh arís sa díospóireacht pholaitiúil. Sa bhliain 2012, dúirt Obama go raibh gá ag an am le ‘gníomh suntasach’ i gcoinne na faidhbe seo, ollsléachtanna sna S.A. Tharla Lámhach Las Vegas (2017) an bhliain dár gcionn.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.