From Wikipedia, the free encyclopedia
B'é Laoiseach XIV nó mar is fearr aithne air, an "Grian-Rí"[1] (nó Louis-Dieudonné) (5 Meán Fómhair, 1638 – 1 Meán Fómhair, 1715) Rí na Fraince agus Rí Navarre ón 14 Bealtaine 1643 go lá a bháis.
Thugtaí
ar Louis.
Chaith sé dhá bhliain déag is trí scór sa ríchathaoir, ní b'fhaide ná aon mhonarc eile san Eoraip ag an am.
Bhí sé ina Rí sular shlánaigh sé cúig bliana d'aois, ach ní bhfuair sé cumhachtaí an Rí i ndáiríre sular cailleadh an Príomh-Aire Jules Mazarin sa bhliain 1661.
Is iomaí cogadh a chuir Louis XIV, cosúil leis an gCogadh Franc-Ollannach, Cogadh Léig Augsburg, agus Cogadh Chomharbas na Spáinne. Chaill na hÚgónaigh a gceart nuair a chealaigh Louis XIV in 1685 Fógra Nantes (1598).[2]
Ach bhí cúrsaí an-chasta ann ar fad.[3] Bhí an cogadh in Éirinn sna 1690idí ina chuid de choimhlint níos mó san Eoraip chun cur i gcoinne Louis XIV arbh é an rialtóir ba chumhachtaí san Eoraip é an tráth sin. Bhí Liam ag troid ar son cúis Phrotastúnach ós rud é go raibh sé ag cur i gcoinne Louis, a cheap gur rialtóir mór Caitliceach é féin agus go raibh sé i gcoinne an Phrotastúnachais. Ach bhí Pápa na Róimhe, a bhí i gcoimhlint le Louis an tráth sin, i measc lucht tacaíochta Liam.
Tháinig iscéime ar Louis agus fuair sé bás ar 1 Meán Fómhair 1715. Is éard a dúirt sé agus é ag fáil bháis ná: Tá mé ag imeacht anois, ach mairfidh an Stát i gcónaí (Fraincis: Je m'en vais, mais l'État demeurera toujours).
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.