From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Loch na Maláive ar an loch is faide ó dheas de chuid lochanna chórais na Claise Móire, san Afraic Thoir. Ainm eile uirthi a bhíodh ní ba choitianta ná Loch Niasa; ciallaíonn Niasa, Nyas(s)a nó Niassa "loch" sa teanga Yao. De bharr eolas a bheith ag na hEorpaigh ar an loch mar thoradh ar taiscéalaíocht an Dochtúra David Livingstone, luaití an loch i seanleabhair mar Loch Livingstone freisin.
(en) Lake Malawi | |||||
Cineál | Loch | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Lake Malawi National Park (en) Lochanna Móra na hAfraice lochanna de chuid Ghleann na Claise Móire | ||||
| |||||
Teorainneacha le | Chintheche | ||||
Craobh-abhainn | |||||
Eisilteach | Abhainn Shire | ||||
Abhantrach draenála | Abhantrach na Saimbéise | ||||
Tréithe | |||||
Airde os cionn na farraige | 474 m | ||||
Doimhneacht ingearach | 704 m | ||||
Toisí | 75 () × 570 () km | ||||
Imlíne | 1,245 km | ||||
Trasnaíonn | an Mhaláiv, Poblacht Mhósaimbíc agus an Tansáin | ||||
Achar | 29,600 km² | ||||
Abhantrach | 6,593 km² | ||||
Bearta agus táscairí | |||||
Toirt | 8,400,000 hm³ | ||||
Tá an loch timpeall ar 560 km ar fhad agus 75 ar leithead ag an bpointe leithne. Is é 29,000 km², a bheagán nó a mhórán, achar na locha. Tá trí thír ar bhruacha na locha, mar atá an Mhaláiv ar an mbruach thiar, an Tansáin ar an mbruach thoir thuaidh, agus Mósaimbíc ar an mbruach thoir. Imíonn uisce na locha tríd an abhainn Shire. Is í an abhainn Ruhuhu an chraobhabhainn is mó a shníonn isteach sa loch. Tá a lán sainspeiceas sa loch, go mór mhór roinnt mhaith cinealacha éisc ar a dtugtar ciclidí agus nach bhfaightear aon áit eile.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.