From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír san Afraic í an Mhaláiv. Tá an Mhaláiv thart ar chomh mór le hÉirinn agus a leath arís.[1]
An Mhaláiv | |||||
---|---|---|---|---|---|
Republic of Malawi (en) | |||||
|
|||||
Aintiún | Mulungu dalitsa Malaŵi | ||||
Mana | «Unity and Freedom» «The warm heart of Africa» «Undod a Rhyddid» | ||||
Ainmnithe in ómós | Loch na Maláive | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Lilongwe | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 18,622,104 (2017) | ||||
• Dlús | 157.17 hab./km² | ||||
Déamainm | Malávach | ||||
Teanga oifigiúil | Béarla an tSiséivis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Afraic Thoir Deisceart na hAfraice Southeast Africa (en) | ||||
Achar dromchla | 118,484 km² | ||||
Pointe is airde | Mulanje Massif (en) (3,002 m) | ||||
Pointe is ísle | Abhainn Shire (37 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Commonwealth realm of Malawi (en) | ||||
Cruthú | 6 Iúil 1964 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Cabinet of Malawi (en) | ||||
Comhlacht reachtach | National Assembly (en) | ||||
• Uachtarán na Maláive | Lazarus Chakwera (2020–) | ||||
• Uachtarán na Maláive | Lazarus Chakwera | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 12,602,334,124 $ (2021) | ||||
Airgeadra | kwacha na Maláive | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .mw | ||||
Glaochód | +265 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 999, 998, 997 agus 990 | ||||
Cód tíre | MW | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | malawi.gov.mw |
Tá teorainneacha aici san iarthuaiscirt leis an tSaimbia, ó thuaidh leis an Tansáin, agus soir ó dheas, agus siar le Phoblacht Mhósaimbíc. Deighleann Loch na Maláive an tír ón Tansáin agus ó Mhósaimbíc. Tá méid na tíre níos mó ná 118,000 km ².
Is í Lilongwe an phríomhchathair. Is í Blantyre an chathair is mó sa tír.
Meastar an daonra a bheith tuairim ar Script error: The function "main" does not exist..
Béarla is ea an teanga oifigiúil. Is teanga áitiúil í an tSiséivis a labhraíonn beagnach 60% den daonra.
Is iarchoilíneacht Bhriotanach í. B'é Nyasaland an seanainm a bhí uirthi. Ní fios cad as a d'eascair an t-ainm dúchasach. Tugann míniúchán amháin le fios dúinn go gciallaíonn an t-ainm "glioscarnach na Gréine agus í ag éirí thairis ar loch". Sin an fáth go bhfuil an Ghrian ar thaispeáint sa bhrat náisiúnta.
Bíonn roinnt de mhuintir na Maláive ag brath go mór ar an bhfeirmeoireacht chun maireachtáil. Mar gheall ar an tionchar a imríonn imeachtaí adhaimsire arb é an t-athrú aeráide is cúis leo, cosúil le triomach agus tuilte, tá an fheirmeoireacht éirithe an-deacair; níl dóthain bia ag fás. Bíonn ganntanas ainsealach bia sa Mhaláiv.[1]
Tá an t-ionchas saoil an-íseal, timpeall 63.7 bliain.[2]
Tá clár Chúnamh Éireann ag obair le rialtas na Maláive le fada chun cabhrú le feirmeoirí cur le fómhar na mbarr. Chomh maith leis sin, tacaíonn Cúnamh Éireann leis an obair a dhéanann Concern.[1]
Thug J.R.R. Tolkien, údar Tiarna na bhFáinní, cuairt ar an Maláiv sna 1930idí. Síleann a lán daoine gur tírdhreach na Maláive a spreag Tolkien nuair a scríobh sé faoi na ‘Hobaid’ agus faoin ‘tSír’.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.