Loch ar an taobh thiar d'Inis Eoghain i gCúige Uladh is ea Loch Súilí.[1] Tá Leitir Ceanainn suite ag ceann na locha. Ritheann bád farantóireachta idir Bun Cranncha in Inis Eoghain agus Ráth Maoláin ar an taobh thiar. D'imigh na hIarlaí ó Ráth Maoláin i 1607. Bhaineadh an Cabhlach Ríoga úsáid as an loch go dtí 1937. Is fiord oighreach í, ceann d'ach amháin trí cinn in Éirinn (in éindí le Loch Cairlinn agus An Caoláire Rua), ar ciall air sin gur oighearshruth, san oighearaois is deireanaí, a chruthaigh í. Is iad Cionn Fhánada, ar an taobh thiar, agus Cionn Dhún Damh, ar an taobh thoir, teorann thuaidh na locha, teach solais a bhíonn oscailte don phobal suite ar an chéad cheann díobh siúd.
Cineál | Bá | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 111276 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Éire | |||
| ||||
Tá cáil ar an loch as a cuid fhiadhúlra; deilfe, muca mara, éin mara, géanna imirceacha agus ealaí ina háireamh. Tá tearmann dúlra mór ar An Inis, inis i gcúinne thoir-theas na locha, áit a rinneadh cladach saothraithe idir í agus an mhórthír sa 19ú haois agus atá anois ina bogach, timpeallacht a thacaíos leis na mílte ealaí agus géanna, chomh maith le speicis éin bhogaigh eile.
Gailearaí
- Radharc thar an loch ó Ghrianán Ailigh
- Radharc ar An Inis, in oirdheisceart na locha
- An bád farantóireachta i Ráth Maoláin
- Iarsmaí Dhúin Chionn an Líonáin, in Inis Eoghain thuaidh
- An teach solais ag Cionn Fhánada
- An Inis
- Bun Cranncha, baile ar an taobh thoir
- Trá Ráth Maoláin
- Abhainn na Leanainne, craobh-abhainn don loch, i Ráth Mealtain, áit a n-éiríos sí taoideach
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.