baile i gContae Dhún na nGall From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Leitir Ceanainn[1] (Letterkenny as Béarla) an baile is mó i gContae Dhún na nGall. Tá an baile suite ar bhruacha an tSúiligh agus ag ceann Loch Súilí, an loch mara a ritheann an abhainn sin isteach inti. Croílár geilleagrach d'iarthuaisceart na hÉireann atá inti, in éineacht le Doire Cholm Cille.
Leitir Ceanainn | |||||
---|---|---|---|---|---|
Letterkenny (en) Leitir Ceanainn (ga) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | ||||
Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall | ||||
Toghcheantar Dháil Éireann | Dún na nGall Thoir Thuaidh | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 19,274 (2016) | ||||
• Dlús | 403.56 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 47.76 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An tSúileach | ||||
Airde | 52 m | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 74 | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 1417285 | ||||
Suíomh gréasáin | letterkenny.ie |
Thosaigh Leitir Ceanainn a saol mar bhaile margaidh ag tús na 17ú haoise, le linn Phlandáil Uladh. Tráth dá raibh, bhí caisleán ina sheasamh san áit ina bhfuil Ardeaglais Naomh Adhamhnán agus Naomh Colm Cille ina seasamh inniu. Tá príomh-institiúd tríú leibhéil an chontae, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh nó OTA (en), lonnaithe sa bhaile, chomh maith le Coláiste Naomh Adhamhnán; stiúideonna Highland Radio, príomhstáisiún raidió an chontae; agus teampall Hiondúch. Tá cáil ar an bhaile as a saol oíche, agus daoine móra idirnáisiúnta ag teacht go rialta go háiteanna ar nós Club Voodoo, The Grill, agus The Pulse. San Aura Complex, atá i ngar le Páirc Uí Domhnaill, tá linn snámha de chaighdeán Oilimpeach, agus raon lúthchleasaíochta Danny McDaid. Is i Leitir Ceanainn a leaindeáil Wolfe Tone, agus a gabhadh é, nuair a tháinig sé go hÉirinn i 1798.
Sa bhliain 2016, bhí 19,274 dhuine ina gcónaí i Leitir Ceanainn, ar fud achair 15.5km².[2] Bhí an baile ar an 23ú baile is mó i bPoblacht na hÉireann.[2]
Bhí 7,060 daoine ábalta Gaeilge a labhairt. Labhair 569 (3.1% don daonra) Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachas. Labhair 2,952 daoine teanga eile seachas Béarla nó Gaeilge sa bhaile. Ba í an Pholainnis an teanga iasachta ba mhó cainteoirí, agus 942 cainteoirí aici.
Ainneoin go raibh traidisiún fada eisimirce ag an bhaile go dtí na 1990aidí, is glanimirce dheimhneach a bhíonn de ghnáth ag an bhaile sna laethanta atá inniu, cuid mhaith de dhaoine as Eoraip an Oirthir, an Afraic, agus an Áise i measc na ndaoine atá tagtha. Feictear é seo sa mhéid shuntasach de shiopaí agus bialanna de chultúir éagsúla, bialanna Síneacha agus Indiacha ina measc, chomh maith le siopaí speisialaithe á rith ag na comhphobail Afracacha, Áiseacha, Meiriceánacha Theas, agus Oir-Eorpacha. Tá teampall Hiondúch ag an bhaile fosta, rud atá neamhchoitianta in Éirinn.[3][4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.