From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba shraith ceolchoirmeacha é Live8 a tharla ar an 2 Iúil 2005, fiche bliain tar éis LiveAid. D'eagraigh Bob Geldof an dá eachtra. Le LiveAid, ba iad tabhartais charthanacha a bhí i gceist, mar a dúirt Geldof "Tabhair dúinn do focain airgead", ach i gcás Live8, dúirt sé "Níor mhaith linn d'airgead, ba mhaith linn do ghuth". Ba cheartlár an fheachtais brú a chur ar cheannairí an G8 chun fiacha na tíortha is boichte a scriosadh, níos mó cabhrú a thabhairt do thíortha bochta agus rialacha trádála a cheartú. Bhí deich gceolchoirm ar siúl ar an lá, .i.:
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Live 8 | ||
---|---|---|---|
Cineál | ceolchoirm charthanachta | ||
Ainmnithe in ómós | Live Aid | ||
Bailíocht | 2005 - | ||
Eagraí | Make Poverty History | ||
Suíomh gréasáin | live8live.com → (2016) |
Sheinn 1,000 ealaíontóir sna ceolchoirmeacha agus bhí thart ar 2.2 billiún duine ag féachaint nó ag éisteacht leis na heachtraí. Chuir an tsraith ceolchoirmeacha tús le seachtain agóidí agus léirsithe, go háirithe i nDún Éideann, an áit a raibh cruinniú an G8 ag tarlú an bhliain úd. Bhí ceolchoirm i nDún Éideann ar an 6 Iúil, 2005, lá an chruinnithe.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.