Ceimicí a rugadh i bPortland, Oregon ab ea Linus Carl Pauling (28 Feabhra 1901 – 19 Lúnasa 1994). Chun tosaigh sna 1920idí-1930idí ag baint feidhm as an teoiric chandamach sa cheimic agus ag léiriú struchtúir macramóilíní de shaghas míoglóibine is haemaglóibine. Scríobh sé téacsleabhar iomráiteach, The Chemical Bond (An Nasc Ceimiceach, 1939), a chuir síos ar phrionsabail is torthaí a chuid oibre. Bhuaigh sé Duais Nobel sa cheimic sa bhliain 1954 as a obair cheannródaíoch. Laoch sa ghluaiseacht fhrithnúicléach is frithchogaidh i rith an chogaidh fhuair, go minic i ngleic le rialtas Mheiriceá. Bhain siad a phas de nuair a fógraíodh go raibh Duais Nobel sa cheimic le tabhairt dó, ach bhí orthu é a thabhairt ar ais chun gurbh fhéidir leis dul chun an duais a fháil. Bhuaigh sé Duais Nobel na Síochána i 1962.[1]
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Linus Pauling |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Linus Carl Pauling |
---|
|
Breith | 28 Feabhra 1901 Portland (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
---|
Bás | 18 Lúnasa 1994 93 bliana d'aois Big Sur, California |
---|
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse phróstataigh) |
---|
|
|
Ollamh Ollscoil Stanford |
---|
|
|
1969 – 1974 |
|
|
|
Reiligiún | Aindiachas |
---|
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Stáit Oregon - Bachelor of Science in Chemical Engineering (en) (1917–1922) Institiúid Teicneolaíochta California - fisic mhatamaiticiúil, ceimic fhisiceach (–1925) |
---|
Céim acadúil | Bachelor of Science in Chemical Engineering (en) |
---|
Tráchtas acadúil | The Determination With X-Rays of the Structures of Crystals (1925 ) |
---|
Comhairleoir dochtúireachta | Roscoe G. Dickinson agus Richard C. Tolman |
---|
Áit chónaithe | Corvallis Big Sur Lake Oswego |
---|
|
Réimse oibre | Quantum chemistry (en) , bithcheimic agus ceimic fhisiceach |
---|
Suíomh oibre | Palo Alto (1969–1974) |
---|
Gairm | ceimiceoir, gníomhaí síochána, criostalagrafaí, bithfhisiceoir, bithcheimiceoir, Easparantóir, múinteoir ollscoile, fisiceoir, scairshealbhóir gníomhaíoch |
---|
Fostóir | Ollscoil Stanford (1969–1975) Ollscoil California, San Diego (1967–1969) Institiúid Teicneolaíochta California (1927–1963) Linus Pauling Institute (en) Ollscoil Stáit Oregon |
---|
Ball de | |
---|
Gluaiseacht | Aindiachas |
---|
Mac/iníon léinn de chuid | Arnold Sommerfeld |
---|
Mac/iníon léinn | Martin Karplus agus Jerry Donohue |
---|
Faoi thionchar | |
---|
Teangacha | Esperanto agus Béarla |
---|
|
Mac léinn dochtúireachta | Martin Karplus, William Lipscomb, Tang Youqi, Lawrence O. Brockway, Edgar Bright Wilson, Matthew Meselson, Kurt Martin Mislow, James Holmes Sturdivant, James Lynn Hoard, David Harker, Arthur B. Pardee, Max Tofield Rogers, Harvey A. Itano, David Powell Shoemaker, George Alexander Feigen, Joseph Kraut, Walter Barclay Kamb, Gary Felsenfeld, Phillip Alfred Vaughan, Edwin Nichols Lassettre, John Y. Beach, James D. McCullough, Robert Eugene Rundle agus Leonard S. Lerman |
---|
Suíomh a chartlainne | |
---|
|
Céile | Ava Helen Pauling |
---|
Páiste | Peter Pauling |
---|
Gradam a fuarthas |
|
|
|
Suíomh gréasáin | scarc.library.oregonstate.edu… |
---|
|
Dún
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |