bráthair Críostaí agus scoláire Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Bráthair Críostaí, múinteoir, agus scoláire Éireannach ab ea Liam Ambrós Ó hAnluain (1910–1992). Rugadh i nDoire é in 1910. D'fhreastail ar scoil i nDoire ar dtús, ansin i mBun an Phobail, Contae Dhún na nGall. Oileadh mar Bhráthair Críostaí é i Scoil Iósaf, Baile Dúill, ansin mar mhúinteoir i gColáiste Mhuire Marino.[1] Bhain sé céimeanna BSc, BA, H.Dip san Oideachas, agus MSc amach ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus é ag obair mar mhúinteoir sa Mhainistir Thuaidh, Corcaigh.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Eanáir 1910 Taobh na hAbhann, Ríocht Aontaithe |
Bás | 16 Aibreán 1992 82 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Oideachais Marino Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | múinteoir |
D’oibrigh sé i gColáiste Mhuire Marino, ansin mar phroibhinseal de chuid na mBráithre Críostaí sular éirigh sé as mar gheall ar easláinte. Cuireadh de chúram air formáid chaighdeánach a leagan amach do ghramadach na Gaeilge a bheadh in úsáid i scoileanna na mBráithre Críostaí.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.