From Wikipedia, the free encyclopedia
Is séadchomhartha Albanach é an Lia Fàil nó Clach na Cinneamhain (nó “Stone of Destiny” / “Stone of Scone” i mBéarla)[1], bloc dronuilleogach de ghaineamhchloch dhearg (tá Lia Fáil i dTeamhair, Contae na Mí, chomh maith; féach anseo).
Lia Fàil | |||
---|---|---|---|
Sonraí | |||
Cineál | Cloch | ||
Croineolaíocht | |||
Removal of the Stone of Scone in 1950 (en) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | edinburghcastle.gov.uk | ||
Is é a mhéid ná 66 cm faoi 42.5 cm faoi 26.7 cm, agus is é a meáchan thart ar 152 kg. Tá cros greanta go garbh ar dhromchla amháin de, agus fáinne iarainn ar an dá cheann len é a iompar.
Coinníodh an leac cloiche i mainistir Sgàin i Sgàin, in aice le Peairt le fada an lá.
Tá amhras ann faoi bharántúlacht na cloiche le fada. Dheimhnigh geolaithe áfach go bhfuil an chloch a thóg Éadbhard I Shasana go Westminster[2] ina " Gaineamhchloch Dhearg Íochtarach", a cairéalaíodh i gcóngaracht Sgàin.[3]
Tá teoiricí agus finscéalta éagsúla ann faoi stair na cloiche sular socraíodh í i Sgàin:[4]
Baineann scéal amháin le Fergus Mór mac Eirc, céad Rí na Scoit in Albain. D'iompar sé an Lia Fáil ó Éirinn go hEarra-Ghàidheal, áit a corónaíodh ina rí é.[5] B'fhéidir go raibh nasc ann leis an Lia Fáil i dTeamhair. Áitíonn traidisiúin eile go bhfanann an fíor-Lia Fáil i dTeamhair.[6] (Tá "Inis Fáil" ar cheann de na hainmneacha traidisiúnta ar Éirinn, deirtear).
Cuireann finscéalta eile le fios gur as an Talamh Naofa a tháinig an Lia Fáil, ón aimsir Bhíobalta... gurb í Cloch Iacóib i, a thóg Iacób le linn dó bheith i Haran (Leabhar Gheineasas 28: 10–22).
Úsáideadh an leac cloiche ar feadh na gcéadta bliain i gcorónú ríthe na hAlban, agus ina dhiaidh sin nuair a tháinig ríthe na hAlban i gcoróin i Sasana agus an Ríocht Aontaithe, tar éis Acht an Aontais.
Sa 14ú haois, chuir Walter Hemingford, an cléireach Sasanach agus an staraí, síos ar an áit a raibh cloch chorónaithe na hAlban mar mhainistir Sgàin, 3km ó thuaidh ó Pheairt.
Go dtí 1950, bhí an leac ar taispeáint i Westminster, Sasana.[7] Ach ghoid náisiúnaithe na hAlban é ar 24 Nollaig 1950, agus faraor, bhris na gadaithe an chloch Albanach ina dhá leath. Ar 11 Aibreán 1951 fágadh an liag i mainistir Obar Bhrothaig in Albain.[8]
Ar aon nós, bhí an chloch ar ais i Londain sa bhliain 1953 nuair a rinneadh banríon ar an Ríocht Aontaithe d'Eilís II.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.