Leigheas seanaoise
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is leigheas seanaoise nó geiriaitric (ón nGréigis γέρων nó geron a chiallaíonn seanfhear agus ιατρός nó iatros a chiallaíonn lia) ná staidéar ar riachtanais míochaine seandaoine agus soláthar na riachtanas sin[1]. Is é sin an speisialtacht leighis a bhíonn ag plé le diagnóis agus cúram a thabhairt do ghalair éagsúla a bhaineann de dhaoine atá dulta in aois.
![]() | |
MeSH | D005853 |
---|

I dtíortha an iarthair, tá líon na seandaoine ag dul i méid ón mbliain 1990, agus leanfaidh an claonadh seo, rud a éilíonn is a éalóidh breis seirbhísí speisialta sláinte is sóisialta dóibh.
Tá galair ar leith a chuireann isteach ar sheandaoine amháin, ach den chuid is mó fulaingíonn siad roinnt neamhord ainsealach ag an am céanna.
Mar thoradh orthu seo, buaileann míchumais a laghdaíonn a n-ábaltacht cúram a thabhairt dóibh féin sa bhaile, agus mar sin is mó ná riamh an gá le seirbhísí cosúil le
- banaltraí ceantair,
- cabhair sa bhaile, agus
- béilí ar rothaí.
Is gá lóistín institiúideach a sholáthar do sheandaoine nach féidir leo maireachtáil go neamhspleách sa bhaile.
Seaneolaíocht. Baineann geiriaitric le staidéar ar an bpróiseas aoisithe freisin, a dtugtar seaneolaíocht air.

Féach Freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.