From Wikipedia, the free encyclopedia
Seithe mamaigh, reiptíle nó éin, coirtithe chun í a chaomhnú is a dhéanamh solúbtha crua, is ea leathar. Bíonn leathar frithsheasmhach i gcoinne meathlaithe, fiú nuair a fhliuchtar is a thriomaítear arís is arís eile é, tréith a bhraitheann ar a struchtúr snáithíneach póiriúil.
Sa phróiseas coirtithe, baintear an ghruaig den tseithe ar dtús, coirtítear í le tainnin, cróm nó alúm, déantar solúbtha í le geir,.Ar deireadh críochnaítear an dromchla le glónrú, dathú, laicearú, cabhradh is/nó svaeidiú. Scoiltear an tseithe le meaisín ina dhá chiseal, ciseal colainne is ciseal seachtrach, chun tiús cuí leathair a fháil.
Déantar leathar Mharacó as seithe gabhair, a shnastar go críochnaithe.
Dhéantaí leathar seamaí as seithe fiaghabhair, ach anois úsáidtear seithí eile a scoiltear is a choirtítear chun a mboige a fheabhsú.
Déantar ábhair shaorga anois le struchtúr póiriúil cosúil le leathar. Mar shampla, cruthaíonn Gelatex Technologies[1] ábhar as geilitín atá cosúil le leathar traidisiúnta. Is féidir an t-ábhar a úsáid in éadaí, bróga, agus taobh istigh de charranna. Tá an t-ábhar seo níos fearr don timpeallacht toisc go mbaineann siad úsáid as ábhar nádúrtha ó phróisealú feoil. Is ábhar orgánach é freisin.[2][3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.