Leac Rosetta

From Wikipedia, the free encyclopedia

Leac Rosetta

Leac basailt dhuibh le hinscríbhinn as Gréigis, Éigiptis iairiglifeach (le siombailí pictiúrtha), agus Éigiptis choitianta na linne is ea an Leac Rosetta (Béarlaː Rosetta Stone).[1] Tháinig saighdiúir Francach ar an gcloch mhór in aice leis an mbaile Rosetta san Éigipt sa bhliain 1799. Níor thuig éinne na hiairiglifí ag an am sin, ach leis na haistriúcháin ar an leac, léadh na hiairiglifí den chéad uair, agus uaidh sin na hinscríbhinní ar shéadchomharthaí ársa na sean-Éigipte.

Thumb
na hiairiglifí
Fíricí Gasta Rosetta stone (anglès) agus ロゼッタ・ストーン (japonès), Cineál ...
Leac Rosetta
Rosetta stone (anglès) agus ロゼッタ・ストーン (japonès)
Thumb
Cineáldéantán seandálaíochta, Überrest agus inscríbhinn dhátheangach
CruthaitheoirTolamaes V Eipeafáinéas
Dáta a bunaíodh196 "RCh"
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh15 Iúil 1799
Áit ar tháinig air/uirthiFort Julien
Tréimhse amaríshliocht Tholamaes agus an Ré Heilléanaíoch
Déanta aseibheardhióirít
Méid112.3 () cm × 757 () mm × 284 () mm × 284 () mm
Teangaan tSean-Ghréigis agus an Éigiptis
ÚinéirMúsaem na Breataine
Músaem na Breataine (Buirg Londan Camden)
Catalógaíocht
Uimhir fardailEA24
Catalóg
Dún

Stair

Thumb
an tsean-Éigiptis choitianta

Tá an dáta 27 Márta 196 RC luaite ar an leac. Foraithne atá ann, a dhearbhaíonn go bhfuair Tolamaes V a chuid údaráis ó Dhia.

Fuarthas sa bhliain 1799 í gar do Chathair Alastair. I rith feachtas míleata na hÉigipte, ar 15 Iúil 1799, tháinig arm Napoléon Bonaparte ar an chloch ghreanta, cúpla míle ó chathair Rosetta (Rashid sa lá atá inniu ann).

Agus bua na dteangacha aige, chaith J.J. Marcel  dreas ag obair ar an ‘Leac Rosetta’ i gCaireo agus trí script uirthi – iairiglifí;  script choitinn (Demotic)  agus an tSean-Ghréigis. Rinne fear eile, Nicolas-Jacques Conté, cóip don leac agus chur sé na hinscríbhinní a bhí le feiceáil uirthi i gcló. Mar sin, bhí sé in inmhe iad a scaipeadh i measc na scoláirí.[2]

Trí thraschomhghaolú idir na focail Gréigise is na hiairiglifí, a rinne an fisiceoir Thomas Young sa Bhreatain agus go príomha Jean François Champollion sa bhFrainc, léadh na hiairiglifí den chéad uair sa bhliain 183, agus uaidh sin an tsean-Éigiptis choitianta is na hinscríbhinní iomadúla iairiglifeacha ar shéadchomharthaí ársa na sean-Éigipte sna teampaill is tuamaí.

Inniu

Tá an leac le fáil I Músaem na Breataine anois.[3]

Roghnaíodh an 27 Márta mar Lá an Ilteangachais.[4]

Is ón gcloch seo a fuair an spásárthach Rosetta[5] a ainm.

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.