craoltóir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Craoltóir Éireannach de chuid RTÉ ab ea Lorcan 'Larry' Gogan (3 Bealtaine 1934 – 7 Eanáir 2020). Láithreoir raidió agus teilifíse as Teach Mealóg i mBaile Átha Cliath a bhí ann. Thosaigh Gogan amach in 1961 ar Raidió Éireann. Níos déanaí, bhí sé mar chuid de chéad fhoireann 2FM, agus chríochnaigh sé ar an raidió digiteach (RTÉ Gold) i ndeireadh na bliana 2019..[1] Tugadh ‘fear an ghlóir bhinn’ air.agus 'guth den phopraidió' in Éirinn.[2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Bealtaine 1934 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 7 Eanáir 2020 85 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | láithreoir teilifíse, pearsa raidió |
Fostóir | Raidió Teilifís Éireann |
Chuir sé barr feabhais ar a cheird trí bheith ag éisteacht le Radio Luxemburg agus ag déanamh staidéar ar stíl na láithreoirí. Seo é an t-aon deis a bhíodh ag daoine in Éirinn sna 1950í éisteacht le racanról.[4]
Le linn dó a bheith ina dhioscmharcach le RTÉ, agus go háirithe ag obair ar RTÉ 2Fm, chuir Gogan i láthair clár raidió ina raibh meascán tarraingteach de shingil a bhain na cairteacha amach, ceol as Éirinn agus ceol as na seanchairteacha. Agus é ag obair ar an bpopraidió bhí Gogan ag baint amach sprioc a chuir sé roimhe agus é fós ina pháiste – éisteacht le ceol, é a sheinm agus é a chur ar fáil do phobal mór raidió. Is é an mana a bhí aige ná ‘más aoibhinn leat do chuid oibre ní dhéanfaidh tú lá oibre le do shaol.’
De réir mar a bhí na blianta ag dul thart is ea is mó dul chun cinn a rinne sé ó thaobh a ghairme agus an tóir a bhí air ag an bpobal, de bharr na scileanna craoltóireachta a tháinig ón gcroí, a ghuth lách agus a eolasaí agus a bhí sé ar chúrsaí ceoil. Ó thaobh an cheoil de bhí Gogan i gcónaí ábhartha agus bailí.[4][5][3]
Thug sé an-tacaíocht do cheol agus do ceoltóirí nua na hÉireann ó Bhob Geldof go Brendan Shine agus gach rud idir eatarthu.
Bhí Gogan i mbun, Just a Minute, tráth na gceist. a bhain amach stádas cultais, go háirithe de bharr na bhfreagraí aisteacha a thugadh na hiomaitheoirí go minic, ar nós go raibh an Taj Mahal trasna ón Ospidéal Fiaclóireachta nó gur i gCromghlinn a bhí Balla Mór na Síne. Ligfeadh Gogan an créatúr chun bealaigh, go minic leis an mana sólásach sin a bhíodh aige: “they didn’t suit you today”.[4]
An lá deiridh a raibh sé ag obair ar 2FM, athraíodh ainm an stáisiúin go dtí Larry Gogan FM don lá mar aitheantas ar a chuid oibre.[6]
Bhásaigh Gogan in 2020 ag 85 bliain d’aois tar éis gairm raidió a mhair beagnach 70 bliain. Bhásaigh bean chéile Larry - Florrie - sa bhliain 2002. Maireann a gcúigear clainne - Gerard, Orla, Gráinne, David agus Sinéad (fuair Florrie bás sa bhliain 2002).[6]
Gairm bheatha thar a bheith suntasach a bhí aige, ar an raidió agus ar an teilifís araon. Bhí aithne rímhaith ag lucht éisteachta agus lucht féachana ar fud na tíre air mar gheall ar a dhíograis thógálach agus a ghnaíúlacht.[4]
Bronnadh Gradam Hall of Fame IMRO air.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.