stiúrthóir scannán Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba stiúrthóir Gael-Mheiriceánach é John Ford a rugadh i Cape Elizabeth, Maine ar an 1 Feabhra 1894 agus a fuair bás ar an 31 Lúnasa 1973. Ba as Gaillimh iad a tuismitheoirí.
Is cinnte go raibh John Ford ar dhuine de na stiúrthóirí scannán ba mhó cáil le linn ré órga Hollywood. Nuair a iarradh ar Orson Welles na stiúrthóirí ab fhearr riamh a ainmniú ba é an freagra a thug sé ná ‘John Ford,’ ‘John Ford,’ agus ‘John Ford.’
Ba dhuine de mhuintir Uí Fhéinne as an Spidéal athair John Ford agus ‘Feeney’ a bhí air féin nuair a bhí sé ag fás aníos i Meiriceá. Ansin d’athraigh sé a ainm go John Ford.
D’imigh an t-athair John Feeney ar imirce chuig na Stáit Aontaithe sa mbliain 1872. Phós sé Barbara Curran as an Choill Rua agus rugadh John in 1894. Gaeilge a labhair an lánúin sa mbaile i Meiriceá, is cosúil.
Chuaigh John agus a dheartháir Francis go Hollywood agus rinneadar go maith ann.
Rinne John 150 scannán i rith a shaoil, 24 acu sin le John Wayne. Leis na scannáin ‘western’ ba mhó a bhain cáil John Ford agus thugadh sé páirteanna do John Wayne go minic iontu agus bhí seisean agus daoine eile ar nós Maureen O’Hara, Victor McLaglen, Ward Bond agus Barry Fitzgerald mar sórt ‘compántas’ aisteoirí aige.
I rith an Dara Cogadh Domhanda, ghlac Ford post leis an Aonad Grianghrafadóireachta de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe. Rinne sé cláracha faisnéise ar nós The Battle of Midway agus bronnadh gradam eile ‘Oscar’ air dá bharr sin. B’oifigeach é i gCabhlach Cúltaca na Stát Aontaithe agus an lá ar fhág sé an tseirbhís bronnadh teideal ‘Leasaimiréal’ air. Tá an-chuntas air sa tsraith Five Came Back ar Netflix.[1] Beagán blianta dár gcionn rinne Ford The Quiet Man.
Faoin am go dtáinig sé go Conamara chun The Quiet Man a dhéanamh in 1952, bhí cáil ollmhór bainte amach aige. Ba sa tréimhse iarchogaidh a rinne sé an scannán The Quiet Man. Bhí lámh ag Lord Killanin san obair.
Tá cáil ar an scannán sin fós ar fud an domhain. Mar a dúirt léirmheastóir amháin ‘it was more commercially viable paddywhackery’.[2] Tagann na turasóirí ina sluaite chuig na láithreacha éagsúla, thart ar Chonga, Uachtar Ard, an Caisleán agus áiteacha eile nach iad.
Faoi 1952, bhí gradam ‘Oscar’ buaite aige trí huaire mar stiúrthóir (The Informer, The Grapes of Wrath agus How Green Was my Valley) agus ar ndóigh ghnóthaigh sé ceann eile le The Quiet Man.
Bhí cineál gaol i bhfad amach idir Ford agus an Tiarna Killanin, a raibh teach mór sa Spidéal aige. Ba é an Tiarna Killanin a mhol Conga agus Caisleán Cheapach Corcóige dó mar láthair scannánaíochta. Ba mhaith mar a d’fheil siad sin don scéal agus bhí láithreacha eile – ar nós an droichead beag siúd nach raibh i bhfad ón láthair.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.