scríbhneoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir agus náisiúnaí Éireannach a bhí ag scríobh faoi Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 ba ea Séamus Mac Stiofáin (26 Nollaig 1950), nó James Stephens mar a thugtaí air as Béarla.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 9 Feabhra 1882 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 26 Nollaig 1950 68 bliana d'aois Londain, England |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir, iriseoir |
Teangacha | Béarla |
Chláraigh Stephens le Conradh na Gaeilge sna 1900idí agus d’fhreastail sé ar ranganna Gaeilge. Sa bhliain 1907, thosaigh sé ag scríobh don iris Sinn Féin. Sa bhliain 1911, bhí ról aige sa dráma Bairbre Ruadh le Pádraic Ó Conaire.
Sa bhliain 1912, d'fhoilsíodh na leabhair The Charwoman’s Daughter agus The Crock of Gold (agus cnúsach filíocha The Hill of Vision). D’admhaigh Stephens féin go ndeachaigh James Joyce agus Edward Plunkett (18ú Barún Dhún Samhnaí) go mór i bhfeidhm air. Bhí fantaisíocht, fealsúnacht, greann agus éagsúlacht carachtair mar théamaí iontu.
Chuaigh Éirí Amach 1916 go mór i bhfeidhm ar Stephens. Sa leabhar leis, Insurrection, tugann Stephens cur síos beomhar ar imeachtaí Sheachtain na Cásca ón taobhlíne.
Chuir Stephens spéis i mbéaloideas na hÉireann agus i litríocht ársa na tíre, agus is orthu siúd a bhí trí leabhar a d’fhoilsigh sé sna 1920idí – Irish Fairy Tales (1920), Deirdre (1923) agus In the Land of Youth (1924). Chuir Stephens a chruth féin ar na scéalta. Bhí an-éileamh ar na leabhair ag an am[1].
Chuaigh Stephens go Sasana sa bhliain 1937 agus thosaigh sé craoladh leis an BBC. Ag obair fós don BBC i Londain ag cur cláir filíochta i láthair a bhí Stephens an bhliain ar cailleadh é, 1950.
Éist le Stephens anseo Curtha i gcartlann 2017-11-15 ar an Wayback Machine: "Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta", ar reabhloid.ie Curtha i gcartlann 2017-11-15 ar an Wayback Machine.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.