péintéir tírdhreacha Rúiseach (1832-1898) From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba phéintéir tírdhreacha Rúiseach é Ivan Ivanovich Shishkin nó Chichkine (Rúisis: Иван Иванович Шишкин, 25 Eanáir, 1832 - 20 Márta, 1898) agus bhí dlúthbhaint aige leis an ngluaiseacht Peredvizhniki.[1]
Rugadh Shishkin in Yelabuga (Poblacht na Tatarstáine sa lá atá inniu ann), agus d'fhreastail sé ar choláiste i bpríomhchathair na Phoblachta, sé sin i gCasan (Rúisis: Каза́нь; Tatairis: Казан, Qazan).
Ansin rinne sé staidéar in Ollscoil na Péintéireachta, Dealbhóireachta agus Ailtireachta Mhoscó (Rúisis: Московское училище живописи, ваяния и зодчества, МУЖВЗ), ar feadh 4 bliana, d'fhreastail sé ar an Acadamh Impiriúil na nEalaíon (Rúisis : Российская академия художеств), i gCathair Pheadair ó 1856-1860, agus bhain sé céim amach leis an gradam is airde agus bonn óir.
Fuair sé an scoláireacht Impiriúil le haghaidh staidéir sa bhreis san Eoraip. Cúig bliana ina dhiaidh toghadh Shishkin ina bhall den Acadamh Impiriúil i i gCathair Pheadair agus bhí sé ina ollamh péintéireachta ó 1873-1898. Ag an am céanna, bhí sé i gceannas ar rang péinteála tírdhreacha ar an Ard-Scoil Ealaíne is fearr i gCathair Pheadair.
Ag péinteáil ar an 20 Márta 1898, bhuail taom croí é.
Bhí stíl an-réalaíoch ag Shishkin, fótagrafach beagnach. Cuir i gcomparáid le Camille Corot mar shampla, Francach agus 20 bliain níos sine.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.