From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard a bhí i gceist le hIonsaithe 11 Meán Fómhair (9/11 mar a ghiorraítear uaireanta iad) ná sraith de cheithre ionsaí sceimhlitheoireachta ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, réitithe ag na mbuíon Ioslamach sceimhlitheoireachta al-Qaeda, maidin dé Máirt, 11 Meán Fómhair, 2001.[1] Maraíodh 2,977 duine, gortaíodh níos mó ná 25,000 agus cruthaíodh an iliomad fadhbanna sláinte fadtéarmacha de bharr na n-ionsaithe.[2] Anuas ar sin, rinneadh scrios mhillteach ó thaobh an bhonneagair agus na maoine de, ar chostas thart ar 10 billiún dollar.
Cineál | fuadach eitleáin dúnmharú líonmhar ionsaí sceimhlitheoireachta ionsaí féinmharaithe |
---|---|
Cuid de | sceimhlitheoireacht sna Stáit Aontaithe |
Dáta na bliana | 11 Meán Fómhair 2001 |
Suíomh | Contae Arlington, Virginia Manhattan, New York Shanksville, Pennsylvania (en) |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Eagraí | an Araib Shádach |
Sprioc | Ionad Trádála Domhanda, An Peinteagán, Caipeatól na Stát Aontaithe agus an Teach Bán |
Is cúis le | District of Columbia Police Coordination Amendment Act of 2001 (en) United States Department of Homeland Security (en) Cogadh san Afganastáin Patriot Act (en) airport security repercussions due to the September 11 attacks (en) No Fly List (en) |
Líon básanna | 2,996 |
Líon gortaithe | 25,000 |
Déantóir na coire | Al-Qaeda |
Arm | airliner (en) |
Codanna | |
Haischlib | #September11, #September11th, #NeverForget, #NeverForget911 agus #911Attack |
D'fhuadaigh naoi sceimhlitheoir déag d'al-Qaeda ceithre eitleán ó aerfoirt éagsúla in iarthuaisceart na Stát Aontaithe agus California mar cheann scríbe ag gach aon cheann acu. Thuairteáil péire díobh ar dhá thúr an Ionaid Trádála Domhanda in Manhattan Íochtar agus leagadh chun talún iad araon taobh istigh de dhá uair an chloig. Dhírigh an 3ú eitleán ar an Peinteagán, ceanncheathrú Roinn Chosanta na tíre, i gContae Arlington, Virginia. Bhí an ceathrú cheann athdhírithe i dtreo Washington, D.C. ag na bhfuadaitheoirí ach is cosúil go bhfuair paisinéirí an eitleáin an ceann is fearr orthu agus thit sé go talamh i ngort sa Stonycreek Township, Pennsylvania.
Maraíodh 246 daoine a bhí ar bord na heitleáin, gan na 19 sceimhlitheoirí a chur san áireamh.
Thosaigh tinte sna túir den World Trade Center de bharr na n-ionsaithe. Bhí an túr theas ag dó ar feadh 52 nóiméad sular thit sé. Bhí an túr thuaidh ag dó ar feadh 102 nóiméad sular thit sé. Scriosadh an dá thúr.
Thit foirgneamh eile in aice leis na túir, an "7 World Trade Center" ag 5:20PM an lá céanna. Ceaptar gur lagaíodh an foirgneamh seo nuair a thit na túir eile.
Maraíodh 2606 duine ag an World Trade Center. Maraíodh 341 fir dóiteáin de chuid an Roinn Dóiteáin i Nua-Eabhrac.
Bualadh an taobh thiar den Pheinteagán. Bhuail an t-eitleán an talamh díreach ag an am céanna a bhuail sé an foirgneamh.
Maraíodh 125 daoine ag an Peinteagán (70 sibhialtach agus 55 ball d'fhórsaí armtha SAM).
Maraíodh 2997 daoine de bharr na n-ionsaithe, póilíní agus fir dóiteáin ina measc.
D'ionsaigh fórsaí míleata na Stáit Aontaithe an Afganastáin i mí Dheireadh Fómhair, 2001. Bhí an Afganastáin faoi smacht an Talaban, grúpa antoisceach Ioslamach agus bhí roinnt ceannairí de chuid Al-Qaeda lonnaithe sa tír.
Gabhadh Walid bin Attash[3] sa Phacastáin in 2002, Deirtear gur thraenáil sé beirt den dream a rinne na hionsaithe sceimhlitheoireachta in 2001.
Gabhadh Mustafa al-Hawsawi[4] agus Khalid Sheikh Mohammed[5] sa Phacastáin ar an 1 Márta 2003. Deirtear go raibh al-Hawsawi freagrach as airgead a chur ar fáil do na sceimhlitheoirí. Dúine de chúlaistíní sinsearacha Osama bin Laden ab ea Sheikh Mohammed,[6] de bhunadh Chuáit é, "an té a phleanáil na hionsaithe", a deirtear sa phreas.[7]
Choinnigh na Meiriceánaigh an triúr faoi rún in ionaid éagsúla sular cuireadh iad sa phríosún i mbunáit mhíleata Chuan Guantánamo in 2006. Céasadh go minic agus go sistéamach iad i gcaitheamh na mblianta sin, tráth a "mhaígh siad" go raibh go leor ionsaithe sceimhlitheoireachta eile sna Stáit Aontaithe beartaithe acu, nó sin a mhaígh na húdaráis.[6]
Ar an 31 Iúil 2024, bhí margadh dlíthiúil[8] déanta ag ionchúisitheoirí leis an triúr.[9] De réir an mhargaidh, pléadálfadh na fir "ciontach i gcomhcheilg" mar mhalairt ar phríosún saoil seachas an pionós báis a bhí os a gcionn. Féachadh roimhe seo le margadh mar é a dhéanamh ach chuir go leor de ghaolta na ndaoine a maraíodh sna hionsaithe ina aghaidh.[6]
Ach ar an 2 Lúnasa 2024, chinn Rialtas Feidearálach na Stát Aontaithe an margadh "a bhí déanta" a tharraingt siar. Chuir gaolta áirithe na ndaoine a maraíodh sna hionsaithe fáilte roimh chinneadh Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe, Lloyd Austin.[10]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.