baile i gContae an Chláir From Wikipedia, the free encyclopedia
Príomhbhaile Chontae an Chláir in iarthar na hÉireann is ea Inis[1] (nó Inis Cluana Rámhfhada fadó). Tá daonra thart ar 24,200 sa bhaile - de réir torthaí daonáirimh 2006. Ar inbhear na Sionainne atá Inis, agus tá ceangal traenach idir í agus Luimneach. Tá aerfort idirnáisiúnta na Sionainne suite timpeall 20 ciliméadar ón mbaile.
Inis | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae an Chláir | |||
Príomhchathair de | ||||
Daonra | ||||
Iomlán | 24,253 (2006) | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 3 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 65 | |||
Eile | ||||
Logainm.ie | 6104 | |||
Suíomh gréasáin | visitennis.ie |
Bíonn fleadh ceoil ar siúl sa bhaile gach bliain. Tá ospidéal ginearálta sa bhaile freisin, chomh maith le coláiste Fhlannáin, a bhí mar mheánscoil agus scoil cliarachais ag an eaglais Chaitliceach.
Bhuaigh Inis gradam 'Tidy Towns le Gaeilge' na bliana 2008.
Tá bunscoil gaeilge sa bhaile, Gaelscoil Mhichíl Chíosóig.
De réir daonáireamh 2011 bhí 25,360 i gcónaí in Inis. Bhí 11,277 (44.5%) ábalta an Ghaeilge a labhairt. D'úsáid 418(1.64%) an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.
Tá aitheantas oifigiúil bainte amach ag pobal Gaeilge Inis mar líonra Gaeilge. D'fhógair Foras na Gaeilge ag deireadh 2015 go mbeadh cúig cheantar aitheanta mar Líonraí Gaeilge in Éirinn. Is iad Cluain Dolcáin; Baile Locha Riach; Carn Tóchair agus Béal Feirste na líonraí eile a bhí i gceist.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.