Giacomo Matteotti

polaiteoir Iodálach (1885–1924) From Wikipedia, the free encyclopedia

Giacomo Matteotti
Remove ads

Polaiteoir sóisialach Iodálach ab ea Giacomo Matteotti ( 22 Bealtaine 1885 – 10 Meitheamh 1924). Ar 30 Bealtaine 1924, labhair sé go hoscailte i bParlaimint na hIodáile (Parlamento italiano) ag líomhain go ndearna na faisistithe Iodálacha calaois in olltoghchán na hIodáile sa bhliain 1924, agus cháin sé an foréigean a d'úsáid siad chun vótaí a fháil. Aon lá dhéag ina dhiaidh sin, fuadach agus mharaigh Faisistigh é.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Gairm pholaitiúil

Rugadh Matteotti i dteaghlach saibhir, i Fratta Polesine, Cúige Rovigo i Veneto . Bhain sé céim sa dlí amach in Ollscoil Bologna .

Bhí sé ina aindiachaí [1] agus go luath ina ghníomhaí sa ghluaiseacht sóisialach agus i bPáirtí Sóisialach na hIodáile (Partito Socialista Unitario (PSU)), chuir sé i gcoinne na hIodáile páirt a ghlacadh sa Chéad Chogadh Domhanda (agus imtheorannaíodh é sa tSicil le linn na coinbhleachta ar an gcúis sin).

Toghadh é ina ionadaí trí huaire: i 1919, 1921 agus 1924 .

Mar dheisceabal de chuid Filippo Turati, rinneadh ceannaire den Pháirtí Sóisialach Aonadach leasaitheach (PSU) de i Teach na dTeachtaí ,(Camera dei deputati) tar éis dó Páirtí Sóisialach na hIodáile (Partito Socialista Italiano), a bhí níos radacaí, a fhágáil.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads