fisiceoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Fisiceoir turgnamhach a saolaíodh i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath ab ea George Francis Fitzgerald (1851-1901). Rinne sé taighde ar optaic is leictridinimic. Réamhinis sé go nginfeadh sruth ailtéarnach i sreang tonnta leictreamaighnéadacha sa timpeallacht, rud a chruthaigh Hertz go turgnamhach i 1888. D'eascair teileagrafaíocht, raidió, teilifís, teileafóin iniompartha, teileachumarsáid, loingseoireacht le satailítí, agus a lán eile as seo. Neamhspleách ar Lorentz, chonchlúidigh sé go mbíonn an chuma ar réad atá faoi ghluaisne go bhfuil sé craptha is níos giorra do bhreathnadóir fosaithe: giorrú Fitzgerald-Lorentz. Níos déanaí, bhain Einstein feidhm as an léargas seo ina theoiric choibhneasachta speisialta.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Lúnasa 1851 Baile Átha Cliath |
Bás | 21 Feabhra 1901 49 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Áit adhlactha | Reilig Chnocán Iaróm |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Céim acadúil | ollamh |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic |
Gairm | fisiceoir, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.