From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba ghrianghrafadóir rathúil é George Charles Beresford, a rugadh i Droim Lias (baile fearainn atá gar do Dhroim dhá Thiar), i gContae Liatroma. Rugadh é ar an 10 Iúil 1864 agus cailleadh é ar an 21 Feabhra 1938. Ba dhuine é de mhuintir Beresford, mar atá muintir Mharquess Phort Láirge.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Iúil 1864 Contae Liatroma, Éire |
Bás | 21 Feabhra 1938 73 bliana d'aois Brighton, England |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | grianghrafadóir, scríbhneoir |
Seánra | Portráid |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Jessica Wilson |
Athair | Henry Marcus Beresford agus Julia Ellen Maunsell |
D'fhreastail Beresford ar an United Services College i Worstward Ho!, in Devon, i ndeisceart Shasana. Coláiste ullmhucháin do fhórsaí cosanta na Breataine a bhí ann, agus lean sé leis go Coláiste Ríoga Indiach na hInnealtóireachta, i Surrey, ina dhiaidh sin. Ar bhaint amach a chuid cáilíochtaí dó sa bhliain 1882, bheartaigh sé aghaidh a thabhairt ar an India, áit ina bhfuair sé post mar innealtóir sibhialta i Rannóg na nOibreacha Poiblí. Chaith sé ceithre bliana thall san India ach phill sé ar Shasana i ndiaidh dó fáil amach go raibh maláire air. Thosaigh sé ag déanamh staidéir ar an ealaín, agus níorbh fhada go raibh taispeántas dá shaothar le feiceáil in Acadamh Ríoga na hEalaíona i Londain Shasana.
Sna blianta idir 1902 agus 1932, bíodh Beresford ag obair sa stiúideo aige in Knightsbridge, áit inar chruthaigh sé portráidí de phearsaí móra an lae, leithéidí David Lloyd George, William Butler Yeats agus Virginia Woolf. Ba é platinotype, nó cló platanaim, an meán ab ansa leis de dheasca a ard-dílseachta.
Ba mhinic portráidí de chuid Bheresford bheith le feiceáil i bhfoilseacháin a raibh idir thóir is mheas orthu ag an am, ar nós The World's Work, The Tatler agus The Illustrated London News.
Bhí sé ina dhlúthchara de chuid William Orpen, arbh as Stigh Lorgan dó, agus de chuid Augustus John. Chruthaigh an triúr acu roinnt portráidí dá gcéile.
Tá an carachtar M'Turk sa leabhar Stalky & Co. le Rudyard Kipling bunaithe ar Gheorge Charles Beresford.[1]
Ba iad na portráidí an rud ba mhó a tharraing aird ar George Charles Beresford mar ghrianghrafadóir, agus chruthaigh sé cuid de na portráidí is íocónaí riamh. Seo rogha íomhánna.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.