From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is fuilchealla bána (FCB), fuilchoirpíní bána nó leocaicítí ann ná cealla an chórais imdhíonachta a mbíonn baint acu leis an gcolainn a chosaint i gcoinne na ngalar tógálach agus earraí coimthíocha. Tá cúig chineál leocaicíte difriúil agus éagsúil ann, ach díorthaíonn siad ar fad ó chill ilchumhachtach sa smior, ar a dtugtar an ghaschill fhuilghinte. Bíonn leocaicítí le fáil ar fud na colainne, lena n-áirítear an córas fola agus limfeach.
Cuid de | fuil |
---|---|
Aitheantóirí | |
MeSH | D007962 |
TH | H2.00.04.1.02001 |
FMA | 62852 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/white-blood-cell |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Is minic a bhíonn líon na bhfuilcheall bán ina tháscaire ghalair. De ghnáth, bíonn idir 4 × 109 agus 1.1 × 1,010 fuilchill bhán i lítear fola, sé sin thart ar 1% de fhuil i nduine fásta sláintiúil. Glaoitear leocaicíteóis ar mhéadú ar líon na leocaicít thar na n-uasteorainneacha, agus tugtar leocaipéine ar laghdú faoi bhun an teorainn is ísle. Féadfaidh airíonna fisiceacha na leocaicít a bheith athruithe, mar shampla toirt, seoltacht, agus gráinneacht de bharr ghníomhachtaithe, de réir ceall neamhaibí bheith i láthair, nó i gcás na leoicéime leocaicítí urchóideacha a bheith ann.
Tá an t-ainm "fuilchill bhán" díorthaithe as an bhfíric go bhfuil, i ndiaidh na fola a bheith lártheifneoirithe, fuilchealla bána le fáil sa bhuíchóta (Béarla: buffy coat), sraith bhán thanaí, de chealla núicléatacha, de ghnáth, idir na fuilchealla dearga deascaithe agus an fuilphlasma. Léiríonn an téarma eolaíochta leocaicít an cur síos seo go díreach, díorthaithe ón nGréigis Ársa λευκό (bán), agus κύτταρο (cill). Uaireanta, is féidir dath glas a bheith ar an bhfuilphlasma más amhlaidh go raibh a lán neodraifilí sa sampla, mar gheall ar an einsím mialósárocsaíodáis a tháirgeann siad, ina mbíonn haem ann.
Bíonn trí chineál éagsúil fuilcheall ar fuaidreamh sa phlasma; na gránalaicítí, na limficítí agus na monaicítí. Ainmníodh na gránalaicítí roimhe seo leis an téarma "polanúicléach" mar gheall ar an gcuma a bhí orthu faoin micreascóp solais, go raibh níos mó ná núicléas amháin acu. I ndáiríre ní raibh ach núicléas maothánach amháin iontu, ceangailte le droichid tanaí de chrómaitin.
Tíopa | Íomhá | Léaráid | neas-% i ndaoine fásta | Cur Síos | ||
---|---|---|---|---|---|---|
Gránalaicít | ||||||
Neodraifil | 40 go 75% | Bíonn neodraifilí freagrach as cosaint a thabhairt i gcoinne ionfhabhtuithe baictéaracha agus próisis athlastacha beaga eile. I gcoitinne, tugann siad chéad fhreagra an choirp ar ionfhabhtuithe baictéaracha. Táirgeann a ngníomhaíochta agus a bháis raon leathan bracha. | ||||
Eoisinifil | 1 go 5% | Téann na heoisinifilí i ngleic go príomha le hionfhabhtuithe seadánacha. | ||||
Basaifil | Níos lú ná 1% | Bíonn na basaifilí bainteach le freagairtí ailléirgeacha agus athlasadh trí hiostaimín a scaoileadh. | ||||
Limficít | ||||||
Limficít B | 25 go 40% | Táirgeann cealla B antasubstaintí a cheanglaíonn le hantaiginí ar phataiginí le hiad a scriosadh tríd coimpléasc imdhíonachta a fhoirmiú. Tar éis na ruaige, is féidir le roinnt cealla an cumas a choinneáil chun an antasubstaint a tháirgeadh. | ||||
Limficít T | Tá cineálacha éagsúla Limficítí T ann :
| |||||
Limficít NK |
Is cineál de limficítí cíteatocsaineacha iad na cealla nádúrtha marfacha (nó cealla NK) a chomhdhéanann cuid mhór den chóras dúchasach imdhíonachta. Imríonn na cealla NK ról mór i siadaí agus cealla ionfhabhtaithe le víris a dhiúltiú. Maraíonn siad cealla trí ghráinníní beaga cíteaplasmacha a scaoileadh, ina bhfuil próitéiní ar a dtugtar 'perforin' agus 'gransím', agus is iad is cúis le bás na sprioc-chille trí apaptóis (cillbhás cláraithe). | |||||
monaicít | ||||||
Monaicít | 2 go 10% | Téann na Monaicítí ar imirce ó shruth na fola go dtí fíocháin eile agus idirdhealaíonn siad ina macrafagaigh
a chónaíonn sna fíocháin, is iad sin na cealla Kupffer san ae. | ||||
Macrafagach | (voir plus loin) | Tugtar macrafagaigh ar na monaicítí tar éis dóibh imeacht ó shruth na fola isteach sna fíocháin. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.