Frederick Stanley Kipping
ceimiceoir Briotanach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ceimicí a saolaíodh i Manchain Shasana ab ea Frederick Stanley Kipping (16 Lúnasa 1863 – 1 Bealtaine 1949). Rinne sé obair bhunúsach ar shileacón, agus luaitear é mar athair cheimic na sileacón, bíodh is gur fhorbair daoine eile cuid mhaith d'fheidhmeanna sileacóin. Chuidigh a chuid oibre go mór le forbairt dhomhanda thionscal an rubair agus bealaí bunaithe ar shileacóin.[1] In éineacht le Perkin, scríobh sé téacsleabhar ceimice orgánach caighdeánach (Organic Chemistry, Perkin agus Kipping, 1899). I ndiaidh dul ar scor dó, chuir sé faoi in Cricieth, sa Bhreatain Bheag, agus is ann a fuair sé bás.[2]
Remove ads
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Naisc sheachtracha
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads