scríbhneoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Éireannach a bhí i Henry Francis Montgomery Stuart. Tháinig sé chun saoil san Astráil sa bhliain 1902, agus fuair sé bás in Éirinn sa bhliain 2000.[1] Scríobhadh sé úrscéalta a raibh teist na híolbhristeoireachta nua-aimseartha orthu, agus chaith sé blianta an chogaidh sa Ghearmáin Naitsíoch ag tacú leis an lucht rialtais ansin, rud a tharraing a lán seantithe anuas air ina dhiaidh. Cúis conspóide é saol agus saothar Stuart inniu féin, ó nach raibh sé sásta seasamh soiléir morálta a ghlacadh i leith na tréimhse sa Ghearmáin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Aibreán 1902 Townsville, Queensland |
Bás | 2 Feabhra 2000 97 bliana d'aois Contae an Chláir, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Rugby |
Gníomhaíocht | |
Gairm | úrscéalaí |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Iseult Gonne |
Athair | Henry Irwin Stuart agus Elisabeth Barbara Isabella Montgomery |
Saolaíodh Francis do lánúin Phrotastúnach Éireannach a raibh cónaí orthu in Queensland, an Astráil: Henry Irwin Stuart agus Elizabeth Barbara Isabel Montgomery. Druncaire a bhí san athair a chuir lámh ina bhás féin nuair nach raibh Francis ach ina thachrán. Ansin thug a mháthair go hÉirinn é, agus mar sin chaith sé blianta a chéad óige in Éirinn agus i Scoil Rugby i Sasana.
Sa bhliain 1920 chuaigh sé le Caitliceachas agus phós sé Iseult Gonne, iníon Maud Gonne. Bhí saol míshocair rómánsúil ag Iseult roimhe sin, agus í seacht mbliana ní ba sine ná Francis. Roimhe sin bhí sí pósta ar Sheán Mac Giolla Bríde, duine de cheannairí na Cásca a cuireadh chun báis i ndiaidh an Éirí Amach. Maidir le hIseult Gonne, ba é an polaiteoir náisiúnaíoch Francach Lucien Millevoye a fíorathair, fear a raibh cumann grá aige le Maud Gonne sna 1890idí. Ó nach raibh sé cuí a admháil, i gciorcail choimeádacha Bhaile Átha Cliath, gur iníon neamhdhlisteanach de chuid Maud a bhí in Iseult, ba nós a rá gur neacht a bhí inti. Chaith Iseult blianta a hóige i bPáras agus i Londain, agus is iomaí ealaíontóir a chuir suim inti: chuir William Butler Yeats ceiliúr pósta uirthi sa bhliain 1917, agus bhí cumann craicinn aici le hEzra Pound go gairid sular casadh Francis Stuart uirthi. Íorónta go leor, má bhí Stuart le dul go dtí an Ghearmáin Naitsíoch le cuidiú spioradálta nó intleachtúil a thabhairt don deachtóireacht, chaith Ezra Pound a dhúthracht leis an Iodáil Fhaisisteach.
Chaith Iseult agus Francis tamall i Mór-roinn na hEorpa, agus saolaíodh tachrán iníne dóibh a fuair bás go gairid i ndiaidh a breithe. Le maolú ar an méala d'fhill an lánúin go hÉirinn, agus Cogadh na gCarad díreach á chur ansin. Ós Poblachtánach a bhí in Iseult, chuaigh Francis ag cabhrú leis na frith-Chonraitheoirí, agus nuair a tháinig na Státairí air, chaith siad i dtóin an phríosúin é. Chuir sé deireadh an chogaidh de in imtheorannú.
I ndiaidh an chogaidh chuaigh Stuart le scríbhneoireacht i gceart agus é ag scríobh úrscéalta agus filíochta. Bhí ráchairt ar a chuid úrscéalta, agus thaitin a chuid dánta le Yeats féin. Dealraíonn sé, áfach, go raibh suim ag Yeats féin in Iseult mar bhean, agus go raibh sé míshásta le Stuart mar fhear céile na girsí. Sa dán Why should not Old Men be Mad? ("Cén fáth nach rachadh seanfhear as a mheabhair?"), scríobh sé: A girl who knew all Dante once/Live to bear children to a dunce. Glactar leis go coitianta gurbh í Iseult an cailín a raibh saothar iomlán Dante Alighieri ar eolas aici lá, agus gurbh é Stuart an t-amadán, an "dunce".
Rugadh triúr clainne do Stuart agus Iseult, mar atá, an chéad iníon Dolores a fuair bás ina leanbh beag, an mac Ian agus an dara hiníon Caitríona. Chuaigh Ian le healaíontóireacht, agus phós sé cailín darbh ainm Imogen a bhain amach clú agus cáil mar ealaíontóir faoin ainm Imogen Stuart.
Is dealraitheach nár éirigh leis an bpósadh go rómhaith, i ndiaidh an iomláin. De réir an eolais a thug Francis Stuart ina chuid úrscéalta dírbheathaisnéiseacha, bhí fadhbanna pearsanta ag luí ar an mbeirt acu agus sláinte an anama ag teip orthu, rud a chuir a gcaidreamh pósta ó mhaith freisin.
Sna tríochaidí d'éirigh Stuart mór le Helmut Clissmann, a bhí ina spiaire Gearmánach, agus a bhean chéile Elizabeth. Bhí Clissmann ag obair do DAAD (Deutscher Akademischer Austauschdienst, Seirbhís na hIomlaoide Acadúla sa Ghearmáin) agus d'Acadamh na Gearmáine. Is é sin, bhí sé ag cuidiú le lucht staidéir agus taighde ó ollscoileanna na hÉireann cuairteanna a thabhairt ar ollscoileanna na Gearmáine agus, san am chéanna, ag nascadh ceangal le hÉireannaigh a bhféadfadh an Tríú Reich leas éigin a bhaint astu. Bhí Clissmann ina ionadaí don AO - is é sin, Auslandsorganisation nó Eagraíocht Coigríche an Pháirtí Naitsíoch - in Éirinn freisin. (Is éard a bhí i gceist leis an AO ná eagraíocht Naitsíoch do na Gearmánaigh a bhí ina gcónaí i dtír áirithe ar an gcoigríoch.)
Bhí Stuart cairdiúil le hEduard Hempel freisin, a bhí ina thoscaire Ghearmánach in Éirinn san am. (Ní raibh ambasáid cheart ag an nGearmáin in Éirinn i ré an tSaorstáit: ina háit sin, bhí toscaireacht ann, agus Hempel i gceannas uirthi mar Thoscaire Urghnách agus Aire Lánchumhachtach.) Ba é cairdeas Maud Gonne ba chúis leis an gcaidreamh a bhí ag Stuart leis, ar dtús. Timpeall ar an mbliain 1936 bhí an pósadh le hIseult teipthe ar Stuart ar fad, agus theastaigh uaidh éalú ó atmaisféar paróisteach na hÉireann agus ó Iseult féin. Chuaigh Iseult i dteagmháil le Clissmann le féachaint chuige go bhféadfadh Stuart camchuairt a thabhairt ar an nGearmáin agus léachtanna acadúla a thabhairt uaidh ansin. In Aibreán 1939, d'fháiltigh Walter Schirmer, léachtóir le Béarla in Ollscoil Bheirlín, chuige é, agus thug Stuart cuairt ar Bhonn, Köln, München agus Hamburg. I ndeireadh na camchuairte fuair sé tairiscint seal a chaitheamh in Ollscoil Bheirlín ag léachtóireacht faoi litríocht Shasana agus na hÉireann. Ghlac sé leis an tairiscint, agus bhí an seal léachtóireachta le tosú sa bhliain 1940 - dhá bhliain roimhe sin chuaigh Dlíthe Nürnberg - péindlíthe ciníocha na Naitsithe in aghaidh na nGiúdach - i bhfeidhm, agus cuireadh ruaigeadh ar na léachtóirí Giúdacha as na hollscoileanna Gearmánacha.
D'fhill Stuart abhaile go dtí an Láithreach i gContae Chill Mhantáin i Mí Iúil 1939. Nuair a phléasc an cogadh amach i Mí Mheán Fómhair, dheimhnigh Stuart go rachadh sé go Beirlín pé scéal é. Nuair a bhí a thuras socraithe, tháinig Seán Mac Giolla Bríde (Seán Óg, mac an fhir a cuireadh chun báis i ndiaidh na Cásca) ar cuairt chuige. Ar an 29 Mí na Nollag, 1939 shealbhaigh na húdaráis an tarchuradóir raidió a bhí in úsáid ag an IRA go nuige sin le dul i dteagmháil leis an Abwehr, agus anois, bhí idirghabhálaí de dhíth uathu a bheadh sásta a dteachtaireacht a thabhairt go Beirlín. Bhí cruinniú ag Stuart, Mac Giolla Bríde, Séamus Ó Donnabháin, agus Stiofán Ó hAodha i dteach an Donnabhánaigh, agus bhí Stuart sásta teachtaireacht an IRA a thabhairt go ceanncheathrú an Abwehr i mBeirlín. Chuaigh sé go Beirlín ina aonar, rud a bhí indéanta ó bhí Éire neodrach sa chogadh, agus bhain sé amach a cheann scríbe in Eanáir 1940. Ansin dó theagmhaigh sé le lucht an Abwehr le teachtaireacht an IRA a sheachadadh. Thairis sin mhínigh sé dóibh cén fáth nach raibh an tarchuradóir raidió ag obair agus cén chosúlacht a bhí ar chúrsaí inmheánacha na hÉireann i láthair na huaire go ginearálta. Casadh a sheanchara Helmut Clissmann air arís ansin, agus é ag obair ina chomhairleoir don Dochtúir Edmund Veesenmayer, a bhí ina Choirnéal (Gruppenführer) sa SS san am. Ba é Clissmann a chuir Stuart in aithne don Sonderführer Kurt Haller freisin. I Lúnasa 1940 d'fhiafraigh Haller de Stuart, an mbeadh sé sásta páirt a ghlacadh san Oibríocht "Colm" (Unternehmen Taube), oibríocht rúnda le Seán Ó Ruiséal, Ceann Foirne an IRA, a thabhairt go hÉirinn le misean sabaitéireachta a chur i gcríoch ansin. Bhí Stuart breá sásta comhoibriú, ach mar a d'iompaigh an scéal amach, ba é Proinsias Ó Riain a chuaigh ina áit.
Dealraíonn sé nach raibh tuilleadh caidrimh idir Stuart agus seirbhísí spiaireachta na Gearmáine. Bhí sé mór le Proinsias Ó Riain, áfach, go lá a bháis siúd. Shíothlaigh an Rianach i Loschwitz in aice le Dresden faoi dheireadh an chogaidh, áit ar hadhlacadh é freisin. Bhí Stuart ar an tsochraid.
Scéal eile é áfach go raibh Stuart sásta craoltóireacht a dhéanamh ar raidió na Gearmáine le linn an chogaidh. Bhí sé ina chraoltóir Béarla ag scaipeadh bolscaireacht Naitsíoch go hÉirinn. Nuair a thairg na Gearmánaigh post an chraoltóra dó, phléigh sé an smaoineamh le Proinsias Ó Riain ar dtús, agus sa deireadh ghlac sé leis an tairiscint ar acht is nach gcaithfeadh sé ábhar frith-Ghiúdach ná frith-Shóivéadach a chraoladh. Chaill sé post an chraoltóra sa bhliain 1944, nuair a bhí lucht ceannais an raidió dianbharúlach go gcaithfeadh sé scéala frith-Shóivéadach ar leith a chraoladh, agus eisean ag diúltú dó scun scan. Ina dhiaidh sin, choigistigh an Gestapo a phas.
Ina chuid craolachán thug Stuart le fios go raibh sé ag adhradh Hitler, agus dóchas aige go gcuideodh an Führer le muintir na hÉireann a dtír a athaontú. I ndiaidh an chogaidh bhíodh sé ag síoráitiú nach raibh mórán measa aige ar idé-eolaíocht na Naitsithe, ach go raibh sé faoi dhraíocht ag an Naitsíochas ar chúiseanna aeistéitiúla - gur "radharcra duairc anchúiseach" a bhí ann, agus "an léirscrios á cheiliúradh mar rud".
Mar a chreidtear, níor chraol Stuart ach aon abairt amháin a raibh bolscaireacht fhrith-Ghiúdach inti i rith na mblianta a chaith sé ag obair ar raidió na Gearmáine. Dealraíonn sé go raibh sé míshásta leis an ngarbh-bholscaireacht fhrith-Ghiúdach ar an Stürmer, iris Julius Streicher. Ón taobh eile de, ghéill sé, beagán beag ar a laghad, do na scéalta faoi chomhoibriú na nGiúdach leis na Cumannaigh sa Ghearmáin roimh ré na Naitsithe, agus scríobh sé i bpaimfléad de chuid an IRA sa bhliain 1924 go raibh Vín, príomhchathair na hOstaire, á stiúradh ag na Giúdaigh, agus na Gearmánaigh á ruaigeadh as a gcathair féin.
Sa bhliain 1945 d'fhéach Stuart le filleadh go hÉirinn i gcuideachta iardhalta dá chuid darbh ainm Gertrude Meissner, ach ansin ghabh trúpaí na gComhghuaillithe iad agus b'éigean dóibh seal a chaitheamh i mbraighdeanas. Nuair a scaoileadh leo shocraigh siad síos sa Ghearmáin ar dtús. Ina dhiaidh sin chuaigh siad a chónaí go dtí an Fhrainc agus sa deireadh go Sasana. Phós siad sa bhliai 1954 i ndiaidh d'Iseult bás a fháil, agus sa bhliain 1958 tháinig siad go hÉirinn le cur fúthu ansin. Sa bhliain 1971 a d'fhoilsigh Stuart an t-úrscéal dírbheathaisnéisiúil úd Black List, Section H, inar thug sé cur síos ar imeachtaí a shaoil sa Ghearmáin.
Sa bhliain 1996 ceapadh Stuart ina Shaoi ar Aosdána. Is mór an onóir é sin i saol ealaíon na hÉireann, agus chuir Máire Mhac an tSaoi in aghaidh an cheapacháin, nó bhí sí barúlach nár chóir a leithéid d'onóir a thabhairt do dhuine a bhí tar éis seal a chaitheamh ag cuidiú leis na Naitsithe.
Is iomaí úrscéal a scríobh Francis Stuart, ach is é Black List Section H (1971; ISBN 0-14-006229-7) an saothar is cáiliúla dá chuid, leabhar a bhfuil blas láidir na dírbheathaisnéise air. Tá a chuid scríbhinní as cló, a bheag nó a mhór.
Anuas air seo is iomaí alt in irisí éagsúla a scríobh Stuart.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.