From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir Meiriceánach is ea Eric Leroy Adams a rugadh ar 3 Meán Fómhair 1960. Iar-phóilín, iaruachtarán Bhuirg Brooklyn, agus 110ú méara Chathair Nua-Eabhrac é.
(2018) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Meán Fómhair 1960 63 bliana d'aois Brownsville, New York |
Méara Nua Eabhrac | |
1 Eanáir 2022 – ← Bill de Blasio | |
Ball de Sheanad Stáit Nua-Eabhrac | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | John Jay College of Criminal Justice (en) Coláiste Marist New York City College of Technology (en) New York City Police Academy (en) Ardscoil Bayside |
Áit chónaithe | Fort Lee |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Nua-Eabhrac Albany, Nua-Eabhrac |
Gairm | polaiteoir, garda |
Fostóir | New York City Transit Police (en) |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Daonlathach |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | police captain (en) |
Chaith Adams breis is 20 bliain leis an bpóilíneacht i gCathair Nua-Eabhrac, ar dtús mar phóilín sa chóras iompair agus ansin mar bhall den NYPD, seirbhís phóilíneachta na cathrach. Chuaigh sé ar scor agus rang captaen bainte amach aige. D'fhreastail sé mar bhall de Sheanad Stát Nua-Eabhrac ó 2006 go 2013, mar ionadaí an 20ú ceantar seanaid i mBrooklyn. I mí na Samhna sa bhliain 2013 toghadh Adams mar Uachtarán Bhuirg Brooklyn agus atoghadh don phost sin é sa bhliain 2017. Eisean an chéad duine de shliocht Afracach sa phost úd.
Ar 17 Samhain 2020, d'fhógair Adams go raibh sé ina iarrthóir ar phost mhéara Chathair Nua-Eabhrac mar bhall den Pháirtí Daonlathach. Bhí sé thiar sna pobalbhreitheanna i dtosach an fheachtais i ndiaidh iarrthóir eile, mar atá Andrew Yang[1], ach sa deireadh, ar 6 Iúil 2021, bhain Adams an bua sa réamhthoghchán. Sa toghchán ginearálta bhain Adams ollbhua amach ar iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh, Curtis Sliwa.[2][3][4] Go gairid i ndiaidh meán oíche ar 1 Eanáir 2022, ghlac Adams mionn na hoifige mar mhéara Chathair Nua-Eabhrac.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.