From Wikipedia, the free encyclopedia
Seanscéal i miotaseolaíocht na nGael is ea Eachtra Cormaic i dTír Tairngire (Meán-Ghaeilge Echtra Cormaic i Tir Tairngiri) ina insítear turas Ardrí na hÉireann, Cormac mac Airt, chuig Tír na nÓg, agus dia na mara Manannán mac Lir ina chónaí ann.
Tá naoi lámhscríbhinn páipéir den scéal atá ar marthain, agus an ceann is óige ón mbliain 1699.[2][3]
San eagrán le Whitley Stokes, tá ann mar lán-teideal (Scel na Fir Flatha,) Echtra Cormaic i Tir Tairngiri ocus Ceart Claidib Cormaic. Tógadh Leabhar Bhaile an Mhóta mar bhunleagan, le sheachtracha as Leabhar Buí Leacáin.[4] Níl ach pas beag difríochtaí ann idir na leaganacha, le chéile an chéad athleagan, a scríobhadh idir na blianta 1150–1200 bunaithe ar fhianaise teangeolaíochta. Meastar go raibh leagan níos luaite ann mar bhuntéacs.[5][3]
D'eagraigh Vernam Hall dara hathleagan as Leabhar Fhear Maí.[6][3] Rinne Eoghan Ó Comhraí aistriúchán as shliocht den athleagan seo.[7]
San eagrán le Standish H. O'Grady, tugtar don scéal an teideal Fagháil Chraoibhe Cormaic,[8] edited by .[9] Seo an tríú hatheagrán as Meán-Ghaeilge déanach. Ní fios cén lámhscríbhinn a bhain Ó Grádaigh leas as.
D'fhoilsigh Joseph Jacobs coimre d'aistriúchán Uí Ghrádaigh i ndíolaim dá chuid.[10] Rinne Lady Gregory ag insint den scéal ina leabhar, Gods and Fighting Men, Táin teideal His Three Calls to Cormac.[11]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.